Tá iarratais ar oscailt go dtí an 1 Feabhra 2024. Seol ríomhphost chuig car@teachingcouncil.ie chun iarratas a dhéanamh.
Is beart sealadach é seo chun cabhrú le dúshláin soláthair múinteoirí a mhaolú.
Feidhmítear an próiseas seo i gcomhréir le Rialachán na Comhairle Múinteoireachta (Clárú) (Leasú), 2023 (PDF).
Má cháiligh tú mar mhúinteoir lasmuigh d’Éirinn agus má tá an tréimhse ionduchtaithe reachtúil críochnaithe agat freisin, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chlárú trí Mo Chlárú agus na céimeanna atá leagtha amach ar an leathanach Cáilithe lasmuigh d’Éirinn a leanúint.
Riachtanais chun iarratas a dhéanamh ar chlárúchán
Ní mór duit riachtanais incháilitheachta agus cháilíochta ar leith a chomhlíonadh.
Ní mór do gach iarratasóir stádas múinteora cáilithe (nó a chomhionann) a bheith aige/aici agus ansin braitheann an riachtanas ar an leibhéal atá á mhúineadh agat.
Is iad na ceanglais seo ná:
1. Stádas múinteora cáilithe (nó a chomhionann)
Ní mór duit:
- A bheith cáilithe mar mhúinteoir lasmuigh d’Éirinn agus stádas múinteora cáilithe nó a chomhionann (ceadúnas múinteoireachta) agat, agus
- Clár creidiúnaithe oideachais tosaigh múinteoirí críochnaithe agat sa tír inar cháiligh tú.
Mar sin féin, ní gá go mbeadh an tréimhse ionduchtaithe reachtúil críochnaithe agat.
Ní mór fianaise ar stádas múinteora cáilithe nó a chomhionann a sholáthar ón údarás inniúil sa tír ina bhfuil do cháilíocht críochnaithe agat.
D’fhéadfadh an t-údarás inniúil seo a bheith ina chomhlacht comhionann leis an gComhairle Mhúinteoireachta nó an Roinn Oideachais nó an Aireacht Oideachais.
2(a) Riachtanais cháilíochta – iarratasóirí bunscoile
Má tá tú ag cur isteach ar chlárú bunscoile, ní mór duit cáilíocht oideachais bunmhúinteoirí a bheith agat, atá dírithe ar pháistí idir 4 agus 12 bhliain d’aois atá inchomparáide le caighdeán na gcéimithe Éireannacha.
Riachtanas na Gaeilge
Cuirfear Riachtanas na Gaeilge (RG) i bhfeidhm mar choinníoll le do chlárúchán. D’fhéadfá a bheith cláraithe ar bhonn coinníollach ar feadh trí bliana.
Is féidir an Riachtanas Gaeilge (RG) a chomhlánú i gceann amháin de dhá bhealach:
- Triail mhianaigh a dhéanamh (modúl/cúrsa staidéir). Áirítear leis seo freastal ar an nGaeltacht ar feadh tréimhse ama.
- Múinteoireacht a dhéanamh i réimse an easnaimh (tréimhse oiriúnaithe)
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ag ilrweb.ie
2(b) Riachtanais cháilíochta - iarratasóirí iar-bhunscoile
Má tá iarratas á dhéanamh agat ar chlárú iar-bhunscoile ní mór duit:
- Cáilíocht oideachais múinteoirí iar-bhunscoile a bheith agat atá dírithe ar dhaltaí 12 go 18 mbliana d’aois atá inchomparáide le caighdeán na gcéimithe Éireannacha, agus
- Na riachtanais d’ábhar curaclaim amháin ar a laghad a chomhlíonadh.
Riachtanas ábhar curaclaim
Ní mór duit tagairt a dhéanamh do Riachtanais Ábhar Curaclaim (Iar-Bhunscoile) na Comhairle chun a chinntiú go gcomhlíonann tú na riachtanais d’ábhar curaclaim iarbhunscoile amháin ar a laghad.
Clárófar thú don ábhar curaclaim a shásaíonn do cháilíocht na riachtanais dó go hiomlán.
Mura gcomhlíonann do cháilíocht na riachtanais d’ábhar curaclaim ar bith go hiomlán, d’fhéadfá a bheith cláraithe don ábhar a bhfuil don cháilíocht is gaire do na riachtanais a chomhlíonadh (faoi réir coinníollacha) arna gcinneadh ag an gComhairle.
Coinníoll maidir le Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann
Cuirfear Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann i bhfeidhm mar choinníoll le do chlárú.
Eagraítear an scrúdú ar líne cúpla uair sa bhliain.
Déanann an scrúdú measúnú ar do thuiscint ar stair agus struchtúr an oideachais, go háirithe oideachas dara leibhéal ó bunaíodh an Stát i 1922.
Ba chóir go mbeadh tuiscint agat ar na príomhcheisteanna a bhaineann le rialú agus bainistiú iar-bhunscoileanna agus ar churaclam agus measúnú san iar-bhunscoil.
Conas iarratas a dhéanamh
- Seol ríomhphost chuig car@teachingcouncil.ie chun iarratas a dhéanamh.
- Seol aon cheisteanna chuig car@teachingcouncil.ie.
- Is é an 1 Feabhra 2024 an dáta deiridh d’iarratas a chur isteach.
Ionduchtú in Éirinn
Beidh tú cláraithe ar an gcoinníoll go gcríochnaíonn tú an t-ionduchtú trí Droichead.
Is é Droichead an próiseas ionduchtaithe do mhúinteoirí in Éirinn.
Fostaíocht
Nuair a bhíonn tú cláraithe, is féidir leat fostaíocht a lorg trí:
- Ardáin ar líne mar www.educationposts.ie agus www.publicjobs.ie
- Suíomhanna gréasáin BOO ar leith
- Dul i dteagmháil le scoileanna go díreach