StudentMeet Plé Painéil
Ón seomra léachtaí go dtí an seomra ranga Mar a chuireann Taighde le Cleachtadh ar Chontanam na Múinteoireachta
Beo ar an bPríomhstáitse 2.00pm - 3.00pm
Cheapfá uaireanta nach bhfuil baint ag obair acadúil mhúinteoir faoi oiliúint leis an ngné phraiticiúil d’obair mhúinteora. Ach b'fhéidir gur ar an múinteoireacht a bhí Kurt Lewin, síceolaí, ag smaoineamh nuair a dúirt sé, ‘There is Nothing so Practical as a Good Theory!’
Labhróidh an painéal MNCanna agus príomhoidí bunoideachais, iar-bhunoideachais agus breisoideachais le lucht féachana ina mbeidh múinteoirí faoi oiliúint, agus pléifidh siad tionchar an taighde ar a gcleachtadh féin. Bíonn múinteoirí ag plé le gach saghas taighde, ó thaighde gníomhach go taighde foirmiúil, agus ag foghlaim ar feadh a saoil, agus tugann siad grá na foghlama leo isteach sa seomra ranga.
Déanfaidh an painéal iarracht freagra a thabhairt ar aon cheisteanna móra a bheidh ag na múinteoirí faoi oiliúint agus beidh siad ar fáil chun comhairle agus treoir a thabhairt.
Jean Harrington, ó An Chomhairle Mhúinteoireachta, a bheidh ina Cathaoirleach don phlé painéil, beo sa stiúideo.
Orthu siúd ar an bpainéal beidh:
- Lisa Plunkett, Múinteoir Bunscoile
- Morgan Doran, Príomhoide Bhunscoil an Rois, An Ros, Co. Bhaile Átha Cliath
- Martin Carey, Múinteoir Iar-Bhunscoile i gColáiste Phobal Ros Cré, Co. Thiobraid Árann
- Rachel O'Connor, Príomhoide Phobalscoil na Gráinsí, An Ghráinseach, Co. Loch Garman
- Marie O'Callaghan, Comhordaitheoir PLC sa Choláiste Breisoideachais agus Oiliúna, Campas na hInse, Co. an Chláir
- Conor Thompson, Múinteoir Breisoideachais atá ag obair i mBaile Átha Cliath
An Both Taighde StudentMeet
Spás Expo ó 3.15pm - 4.30pm
Is iad Finn Ó Murchú a dhéanfaidh an mhodhnóireacht, agus beidh taighde á óstáil sa bhoth seo i bhfoirm cur i láthair ar phóstaeir ó Mhúinteoirí Nuacháilithe. Feidhmeoidh sé mar sheomra seisiúin ar an imeall i ndiaidh an phlé phainéil, agus beidh deis comhrá ansin don lucht féachana agus chun na téamaí taighde a phlé a thuilleadh.