I gComhrá le Roddy Doyle

Tá dhá úrscéal déag scríofa ag Roddy Doyle, agus ina measc tá The Commitments, Paddy Clarke Ha Ha Ha ar bhuaigh sé an Booker Prize dó in 1993, The Woman Who Walked Into Doors, Smile, agus le fíordhéanaí, Love. Scríobh sé trí bhailiúchán de ghearrscéalta agus ocht leabhar do leanaí. Chomhscríobh sé The Second Half, le Roy Keane. Scríobh sé don stáitse agus don scáileán freisin. Is é a leabhar is déanaí, a foilsíodh i mbliana, ná Life Without Children, bailiúchán de scéalta, atá suite den chuid is mó le linn phaindéim Covid.

Is é an comhbhunaitheoir agus cathaoirleach de Fighting Words é. Bhí sé mar mhúinteoir Béarla agus Tíreolaíochta i bPobalscoil an Ghleanntáin Ghlais, i gCill Bharróg, i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ó 1979 go dtí 1993. Tá sé ina chónaí i mBaile Átha Cliath.