
Tá na hiarratais le bheith páirteach ag FÉILTE 2023 oscailte anois!
Is ceiliúradh bliantúil de chuid gairm na múinteoirí faoi stiúir na múinteoirí é FÉILTE a aithníonn an obair a dhéanann tú gach lá i do sheomra ranga. Casann múinteoirí le múinteoirí eile ó bhunoideachas, ó hiarbhunoideachas, agus ó bhreisoideachas ag FÉILTE chun a bpaisean don mhúinteoireacht a roinnt, chun páirt a ghlacadh i bhfoghlaim fhrithpháirteach agus chun spreagadh a fháil ó chomhghleacaithe agus aoichainteoirí araon.
Tá sceitimíní orainn treo nua d'FÉILTE a fhógairt i mbliana. Tá ár n-imeacht ag filleadh ar an scoil! Tá súil againn go mbeidh tú linn chun obair nuálach agus chruthaitheach na múinteoirí agus ceannairí scoile a cheiliúradh i suíomh aitheanta scoile. Roinnfear ainm na scoile leat ar ball' coiméad súil ar ár suíomh greasáin agus ár leathanaigh mheáin shóisialta don nuacht is déanaí.
Conas is féidir liom páirt a ghlacadh?
Tá an t-imeacht seo oscailt do mhúinteoirí cláraithe. Má tá smaoineamh agat nó ag do scoil nó modheolaíocht a bhféadfadh múinteoirí eile leas a bhaint as, ba bhreá linn dá mbeifeá páirteach ag FÉILTE.
Déan iarratas thíos chun do scéal a roinnt faoi na cleachtais a úsáideann tú, na smaointe ar bhain tú leas astu, agus na rudaí a mholfá do mhúinteoirí eile ... agus glac páirt san eispéireas roinnte FÉILTE!
B'éigean dúinn iarratais a fháil ar nó roimh Luan, 17 Aibreán 2023.