4.1 Clárú/ROS: Is múinteoirí a chuireann formhór na sonraí a fhaigheann an Chomhairle ar fáil iad féin nó faightear iad tríd an ROS de bhun Achtanna na Comhairle Múinteoireachta.
4.2 CCTV: D'fhéadfaí d’íomhá a thaifeadadh trí theilifís chiorcaid iata (CCTV), atá suiteáilte i bhfoirgneamh na Comhairle. Tá an córas comhdhéanta de líon ceamaraí atá suiteáilte ag an deasc fáilte agus i ngach aon phasáiste ardaitheora agus ar an tríú hurlár a dhéanann taifeadadh ar íomhánna físeáin gan fuaim. Is é an bunús atá againn le sonraí pearsanta a bhailiú ar an mbealach seo ná leas dlisteanach (Airteagal 6.1(f) den GDPR) ó thaobh slándáil don fhoireann agus don áitreabh; ábhar fianaise a chur ar fáil d’imeachtaí cúirte coiriúla. Tá comharthaíocht curtha suas le daoine a chur ar an eolas go bhfuil CCTV ag feidhmiú.
4.3 Glaonna Teileafóin: Tá córas taifeadta glaonna gutháin suiteáilte ag an gComhairle ina chuid oifigí i Maigh Nuad. Tá an cumas ag an gcóras glaonna isteach agus amach a thaifeadadh ó gach teileafón in oifigí na Comhairle. Is í an réasúnaíocht atá taobh thiar den chóras taifeadta glao gutháin ná deis a thabhairt don Chomhairle feabhas a chur ar chaighdeán agus ar éifeachtúlacht a seirbhíse teileafóin trí úsáid a bhaint as glaonna a bhfuil taifeadadh déanta orthu chun críocha oiliúna foirne agus fíoraithe. Ní bhaintear úsáid as glaonna taifeadta ach amháin chun na gcríoch seo agus le bailíochtú a dhéanamh ar threoracha/fhaisnéis a chuirtear ar fáil agus a fhaightear, agus ní bhainfear úsáid as chun aon chríocha eile.
4.3.1 Ní cheadaítear rochtain ar na taifid d’fhoireann na Comhairle ach amháin le riachtanais gnó atá sainmhínithe go soiléir a shásamh agus ní mór údarás foirmiúil a fháil ón mbainisteoir rannóige ábhartha do na cúiseanna le rochtain a iarraidh. Ní mór go n-áireodh gach iarratas ar thaifeadadh glaonna an méid seo a leanas: (a) an chúis atá leis an iarratas; (b) dáta agus am an ghlao; (c) an fholíne teileafóin ar baineadh úsáid aistí chun glao a dhéanamh/an glao a thógáil; (d) an uimhir sheachtrach atá i gceist más eol; agus (e) sa chás gur indéanta, ainm na bpáirtithe go léir a raibh baint acu leis an nglao teileafóin.
4.3.2 Seolfaidh Riarthóir an Chórais IT, ar iarratas ceadaithe a fháil ar thaifeadadh glao, cóip den taifeadadh ar ríomhphost chuig an gcomhalta foirne ábhartha. Ba chóir cóipeanna de thaifid a scrios tar éis úsáid a bheith bainte astu. Ní cheadaítear brabhsáil a dhéanamh ar thaifid gan sainchuspóir
4.4 Seoladh IP: Bailímid seoltaí IP ó chuairteoirí chuig an láithreán gréasáin (is ionann seoladh IP agus uimhir lenar féidir ríomhaire sonrach nó gaireas líonra eile a aithint go huathúil ar an idirlíon). Tugann sé seo an deis dúinn suíomh úsáideoirí a aithint le húsáid toirmeascach a bhlocáil agus líon na gcuairteanna ó thíortha difriúla a fháil amach. Déanaimid anailís ar na sonraí seo ar chúrsaí treochta agus staidrimh, ar nós cén chuid den láithreán gréasáin a bhfuil úsáideoirí ag tabhairt cuairte orthu agus cén t-achar a chaitheann siad ansin.
4.5 Fianáin: Is ionann fianán agus téacschomhad beag a chuireann freastalaí gréasáin ar do dhiosca crua agus a chuireann ar chumas láithreán gréasáin agus/nó ar chumas aip móibíleach úsáideoirí arís agus arís eile aithint, éascú a dhéanamh ar rochtain leanúnach úsáideora chuig agus úsáid láithreán gréasáin agus/nó aip móibíleach agus a thugann an deis don láithreán gréasáin agus/nó aip móibíleach iompar úsáide a rianú agus sonraí comhiomlána a chur le chéie agus a chuirfidh an deis ar fáil le feabhas a chur ar ábhar agus ar fhógraíocht spriocdhírithe
4.5.1 Déanaimid sainscagadh ar an fhaisnéis maidir leis an trácht láithreáin gréasáin go léir atá curtha i láthair i bhfoirm chomhiomlán trí fhianáin. Bainimid úsáid as tríú páirtithe ar nós Google Analytics le faisnéis úsáideora a bhailiú, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as fianáin (flais agus neamh-fhlais) agus as spéicéir gréasáin. Cuidíonn siad linn ó thaobh feabhas a chur ar an láithreán gréasáin agus formhór na bhfeidhmeanna a chur ar fáil a dhéanann a d'eispéireas brabhsálaí níos cairdiúla.
4.5.2 Ba chóir duit a thabhairt ar aird freisin go bhfuil fianáin ann atá le fáil in uirlisí idirlín cuideachtaí eile atá á n-úsáid againn le feabhas a chur ar an láithreán gréasáin. Feicfidh tú 'cnaipí sóisialta' ar an láithreán gréasáin, lena n-áirítear, ach nach bhfuil teoranta do Twitter, YouTube agus Facebook, a chuireann ar do chumas leathanaigh gréasáin áirithe a roinnt nó a leabharmharcáil. Tá a gcuid fianáin féin ag na láithreáin gréasáin seo agus tá na fianáin sin á rialú ach.
4.5.3 Trí úsáid a bhaint as an láithreán gréasáin, comhaontaíonn tú úsáid a bhaint as fianáin mar a ndéantar cur síos orthu sa Pholasaí seo (m.sh. comhaontaíonn tú fianáin a chur ar do ghaireas mura roghnaíonn tú go sonrach gan fianáin a fháil, sa chás go mbíonn fianáin den sórt sin ar chineál a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach a bheith le fáil ar láithreán gréasáin ar nós an láithreáin gréasáin atá againne). Tabhair ar aird le do thoil, áfach, nach gcuirfidh fianán sonraí pearsanta ar fáil dúinn; mar sin, mura bhfuil aon sonraí pearsanta curtha ar fáil agat dúinn, fós is féidir leat brabhsáil ar an láithreán gréasáin go hanaithnid.
4.5.4 Inseoidh an ‘Roghchlár Cabhair’ ar bharra roghchláir fhormhór na mbrabhsálaithe duit conas cosc a chur ar do bhrabhsálaí ó ghlacadh le fianáin, conas do bhrabhsálaí a shocrú chun fógra a thabhairt duit nuair a fhaigheann tú fianán nua agus conas fianáin a chasadh as ar fad. Tá ar do chumas freisin sonraí den chineál céanna a chasadh as nó a scrios trí fhorlíontáin brabhsálaí ar nós flaisfhianáin, tríd na socruithe maidir le forlíontáin a athrú nó trí chuairt a thabhairt ar láithreán gréasáin an déantúsóra.
4.5.5 Le tuilleadh eolais a fháil maidir le fianáin agus maidir le fianáin a bhainistiú, lena n-áirítear, conas iad a chasadh as, tabhair cuairt le do thoil ar www.cookiecentral.com. Ach mar gheall go gcuireann fianáin ar do chumas, áfach, leas a bhaint as gnéithe ríthábhachtacha láithreán gréasáin, molaimid duit iad a fhágáil casta air mar nach bhfaighidh tú eispéireas iomlán ghnéithe idirghníomhacha an Láithreáin Gréasáin ná láithreáin gréasáin eile a dtugann tú cuairt orthu gan iad.