Céimeanna | Cad is gá duit a dhéanamh |
Céim 1 An fhoirm chuiridh ar ghrinnfhiosrúchán a chomhlánú. Féach ar an fiseán eolas thíos le haghaidh treoir chun iarratas a dhéanamh ar ghrinnfhiosrúchán (béarla) 
| Chun an próiseas grinnfhiosrúcháin a thosú, beidh ort: |
Céim 2 An fhoirm iarratais ar line ar ghrinnfhiosrúchán a chomhlánú 
| Nuair a fhaigheann an Chomhairle Mhúinteoireachta d'fhoirm chuiridh shínithe agus doiciméid aitheantais sa phost (céim 1): - gheobhaidh tú r-phost ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin le nasc díreach chuig an bhfoirm iarratais ar líne ar ghrinnfhiosrúchán agus
- beidh 30 lá agat leis an iarratas ar líne ar ghrinnfhiosrúchán a chomhlánú agus a thíolacadh
|
Céim 3 Ní bhaineann an chéim seo ach le hiarratasóirí ar chlárúchán a chónaigh thar lear 
| Más rud é gur chónaigh tú lasmuigh d'Éirinn nó Tuaisceart Éireann do thréimhse charnach trí bliana (36 mí) nó níos mór i ndiaidh aois 18 beidh ort - fótachóipeanna a sholáthar d'imréiteach póilíní do na tír ar fad ina raibh cónaí ort.
Eolas faoi dheimhnithe imréitigh póilíní thar lear |
Céim 4 An nochtadh grinnfhiosrúcháin (toradh) a fháil 
| Maidir leatsa: - gheobhaidh tú r-phost ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin ag rá go bhfuil do nochtadh grinnfhiosrúcháin eisithe chuig an gComhairle Mhúinteoireachta
- gheobhaidh tú r-phost ón gComhairle Mhúinteoireachta ina bhfuil nasc chuig do nochtadh grinnfhiosrúcháín nuair atá sé próiseáilte agus
- beidh ort logáil isteach nó cuntas a chruthú le Digitary* chun do nochtadh a fheiceáil.
*Is é Digitary réiteach ar líne na Comhairle Múinteoireachta a úsáidfidh múinteoirí chun a nochtuithe grinnfhiosrúcháin a fháil. Is féidir Ceisteanna Coitianta Digitary a fheiceáil anseo (béarla) |
Céim 5 Do nochtadh grinnfhiosrúcháin a chomhroinnt le d'fhostóir 
| - Beidh tú ábalta do nochtadh a chomhroinnt le fostóirí nó le fostóirí ionchasacha ag baint úsáide as Digitary
- Logáil isteach i do chuntas Digitary agus lean na treoracha chun do nochtadh a chomhroinnt.
|