Má tá suim agat a bheith i do mhúinteoir, áit mhaith le tosú is ea Leathanach gréasáin na Roinne Oideachais 'Teaching Transforms'. Soláthraíonn an leathanach gréasáin eolas ar roghanna fochéime agus iarchéime, cúnamh airgid, scálaí tuarastail, agus earcú múinteoirí.
Tá go leor bealaí ann chun a bheith i do mhúinteoir, más clár fochéime nó iarchéime d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí a roghnaíonn tú. Chun rochtain a fháil ar chláir oideachas tosaigh múinteoirí, ní mór duit na bunriachtanais iontrála, atá leagtha síos ag an Aire Oideachais, i gcomhar leis an gComhairle Mhúinteoireachta, a chomhlíonadh.
Roghnaigh rogha thíos chun tuilleadh eolais faoi bheith i do mhúinteoir bunscoile, iar-bhunscoile nó breisoideachais a fháil.