Múinteoireacht iar-bhunscoile

Chun a bheith i do mhúinteoir bunscoile in Éirinn, ní mór duit clár oideachais tosaigh múinteoirí (OTM) a bhaint amach.

Chun a bheith i do mhúinteoir iar-bhunscoile in Éirinn, ní mór duit clár oideachais tosaigh múinteoirí (OTM) a bhaint amach.

Tá dhá bhealach ann.

  1. Is é an chéad bhealach ná clár fochéime OTM a bhaint amach. Tógann sé seo ceithre bliana go ginearálta.
  2. Is é an dara bhealach ná iarchéim a bhaint amach, ar a dtugtar Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO). Tógann sé seo dhá bhliain. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an MGO le linn na bliana deiridh de do bhunchéim Leibhéal 8, nó nuair atá do chéim Leibhéal 8 bainte amach agat. Ba chóir go mbainfeadh do chéim Leibhéal 8 le réimse ábhair curaclaim*.

Nuair a bheidh do chlár fochéime OTM nó an MGO bainte amach agat, beidh tú i dteideal clárú mar mhúinteoir iar-bhunscoile leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

Nóta: Ní gá aon chumas Gaeilge a bheith agat, mura mian leat a bheith i do mhúinteoir iar-bhunscoile Gaeilge, nó obair i ngaelscoil.

Taispeánann an léaráid thíos an dá bhealach is coitianta as a dtagann clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

                      

 Bealaí coitianta chuig teagasc iar-bhunscoile

*Roimh áit a fháil ar an MGO (iar-bhunscoile) ní mór duit na riachtanais d'ábhar curaclaim amháin ar a laghad a bheith comhlíonta agat mar atá leagtha amach i Riachtanais an Ábhair Churaclaim.

Soláthraithe creidiúnaithe oideachais tosaigh múinteoirí don mhúinteoireacht iar-bhunscoile

  • Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí, Coláiste Ealaíne & Deartha Crawford (i gcomhar le hOllscoil Teicneolaíochta na Mumhan)
  • Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
  • Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo (i gcomhar le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh)
  • Coláiste Hibernia (MGO amháin)
  • Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh, Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh (igcomhar le hOllscoil Teicneolaíochta na Sionainne: Lár Tíre Iarthar Láir)
  • Coláiste Mhuire gan Smál (Durlas)
  • Ollscoil Mhá Nuad
  • Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha
  • Coláiste San Aingeal
  • Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
  • Ollscoil na Gaillimhe
  • Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
  • Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath
  • Ollscoil Luimnigh

    

Léarscáil de na soláthraithe creidiúnaithe d’oideachas tosaigh múinteoirí don iar-bhunscoil

 

Bí ag smaoineamh

  1. Is tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) a dhéantar formhór na n-iarratas ar chláir fochéime OTM. Ní mór duit an próiseas iarratais a sheiceáil leis an ollscoil/ coláiste.
  2. Mar is amhlaidh le gach cúrsa CAO, ní mór duit na riachtanais iontrála ar fad atá leagtha síos ag an ollscoil / coláiste a chomhlíonadh i do bhliain iontrála. D'fhéadfadh go gciallódh sé seo go mbeadh ort líon áirithe pointí a bhaint amach id'Ardteistiméireacht. Nó do mhic léinn lánfhásta, b'fhéidir go mbeidh ort freastal ar agallamh. Sula ndéanann tú iarratas, déan cinnte liosta iomlán na riachtanas iontrála a léamh, mar go bhféadfadh difríochtaí a bheith ann idir na hinstitiúidí tríú leibhéal.
  3. Má roghnaíonn tú clár fochéime OTM a dhéanamh, déanfaidh do chúrsa ábhar curaclaim amháin nó níos mó a chomhcheangal le staidéar oideachas múinteoirí, rud a chuirfidh ar do chumas ábhar amháin ar a laghad a mhúineadh go leibhéal ardleibhéil na hArdteistiméireachta tar éis duit do chéim a bhaint amach.
  4. Má roghnaíonn tú an MGO a dhéanamh, ní mór duit na riachtanais a chomhlíonadh chun ábhar amháin ar a laghad a theagasc go leibhéal ardleibhéil na hArdteistiméireachta. Moltar duit féachaint an gcomhlíonann an bhunchéim aroghnaíonn tú Riachtanais Ábhar Curaclaim na Comhairle Múinteoireachta don ábhar/na hábhair is mian leat a mhúineadh.
  5. Agus ábha(i)r á roghnú agat le múineadh, cuimhnigh go mbíonn éileamh níos mó ar roinnt ábhar ná ar ábhair eile. I measc n-ábhar seo tá nuatheangacha iasachta, Gaeilge, matamaitic, eacnamaíocht bhaile, agus ábhair eolaíochta. Beidh sé seo tábhachtach nuair a bheidh iarratas á dhéanamh agat ar phoist mhúinteoireachta.
  6. Má dhéanann tú staidéar ar mhúinteoireacht iar-bhunscoile lasmuigh d’Éirinn agus má ghnóthaíonn tú stádas 'múinteora láncháilithe’, is féidir leat iarratas adhéanamh ar chlárú mar mhúinteoir in Éirinn faoi Threoir an AE 2005/36/EC. Déanfar measúnú ar do cháilíochtaí lena chinntiú go bhfuil siad ar chomhchaighdeán leis na cinn a ghnóthaíonn céimithe na gclár OTM in Éirinn. Má aimsítear difríochtaí suntasacha idir do cháilíocht agus an cháilíocht a ghnóthaíonn céimithe na gclár creidiúnaithe in Éirinn, féadfar coinníollacha a chur i bhfeidhm ar do chlárú. Cinntíonn sé seo go bhfuil an bunchaighdeáin chéanna d'oideachas tosaigh múinteoirí bainte amach ag gach múinteoir in Éirinn. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Cháilithe Lasmuigh d'Éirinn.

Is scéim maoinithe é an Clár le haghaidh Bealach Rochtana ar Ard-Oideachas atá deartha chun tacú le agus rochtain mhéadaithe ar OTM a sholáthar do chatagóirí áirithe daoine. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag studentfinance.ie

Cuireann roinnt ollscoileanna agus coláistí cúrsaí ar fáil chun tacú le rochtain ar oideachas tosaigh múinteoirí do dhaoine ó ghrúpaí atá faoi ghannionadaíocht go traidisiúnta sa mhúinteoireacht. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag leathanach gréasáin na Roinne Oideachais 'Teaching Transforms'.

 

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais?

Is foinse iontach faisnéise é leathanach gréasáin na Roinne Oideachais 'Teaching Transforms'

Freastalaíonn foireann na Comhairle Múinteoireachta agus na Roinne Oideachais go rialta ar aontaí gairme i gcoláistí agus in ollscoileanna. Coinnigh súil ar na leathanaigh shóisialta chun an t-eolas is déanaí a fháilevents @teachingcouncil / @Education_Ire

Faoi imeachtaí 2023 atá ar na bacáin liostaithe thíos.

  • Dé Máirt, 24 Eanáir - Aonach Intéirneachta agus Iarchéime - Ollscoil na Gaillimhe                                                                
  • Dé Máirt, 07 Feabhra - Imeacht: Bíodh grá agat do do ghairm bheatha - OT Bhaile Átha Cliath, Campas Sráid Aungier (Foirgneamh Sráid Aungier)
  • Déardaoin, 09 Feabhra - Imeacht: Bíodh grá agat do do ghairm bheatha - OT Bhaile Átha Cliath, Gráinseach Ghormáin (Central Quad Building)
  • Dé hAoine, 24 Feabhra - Gairmeacha sa Mhúinteoireacht - Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
  • Dé hAoine/ Dé Sathairn, 10/11 Márta - Comhdháil Bhliantúil Institiúid na dTreoirchomhairleoirí  - OTA Sligeach
  • Dé hAoine, 10 Márta - Aonach Gairme Bhéal Feirste  Foirgnimh Tionóil
  • Dé Sathairn, 03 Aibreán - Lá Oscailte Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath - Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Campas Naomh Pádraig
  • Dé Sathairn, 22 Aibreán - Lá Oscailte MIC Durlas - Coláiste Mhuire gan Smál, Durlas
  • Dé Luain /Dé Máirt, 24/25 Aibreán - Cruinniú Mullaigh Scoile - Cruinneachán Aeir, Ionad CLG Chonnacht, Cluain an Churraigh, Béacán, Contae Mhaigh Eo