An fhoghlaim a dhéanann Múinteoirí (FGL/CPD)

Tá coincheap na foghlama ar feadh an tsaoil i ngairm na múinteoireachta formhuinithe ag oideachasóirí agus ag múinteoirí le blianta fada anuas. Féach, mar shampla, ar an sliocht seo as alt le hoideachasóir Éireannach mór le rá.

Maidir le feidhmeanna na Comhairle i ndáil leis an bhforbairt ghairmiúil leanúnach de, foráiltear go ndéanfaidh an Chomhairle an tAire a chomhairliú i ndáil le FGL na múinteoirí, go gcuirfidh an Chomhairle rannpháirtíocht san FGL chun cinn, go ndéanfaidh sí taighde ar an FGL agus go gcuirfidh sí an pobal i gcoitinne agus gairm na múinteoireachta araon ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann le múinteoirí a bheith ag gabháil don fhoghlaim.

Dá bhrí sin, d'fhorbair an Chomhairle Cosán, an Chreatlach Náisiúnta um Fhoghlaim Múinteoirí. Tá Cosán ina chuid den mhórchreat caighdeán a bhaineann le gach céim den fhoghlaim a dhéanann múinteoirí, lena n-áirítear oideachas tosaigh múinteoirí agus ionduchtú (Droichead). Dearadh na caighdeáin sin chun an ghairm agus an pobal i gcoitinne araon a chur ar a suaimhneas faoin bhfoghlaim a dhéanann múinteoirí, gur foghlaim ardcháilíochta í ar féidir í a athchóiriú agus a chur in oiriúint do riachtanais na múínteoirí de réir mar a bhíonn siad sin ag athrú.

graphic-depicting-the-key-elements-of-cosan

Cliceáil ar an nasc le níos mó eolais a aimsiú ar an Grafaic Eolais Cosán