Ag teacht isteach ar an Athrú ag Machnamh ar a bhfuil le Teacht
Sraith ceardlann, 3 cinn, ag tacú le foghlaim ghairmiúil na múinteoirí, a mbeidh straitéisí agus uirlisí iontu don mhachnamh comhoibritheach
Tá sraith ceardlann ar líne, trí cinn, á comhóstáil ag ESCI (Ionaid Tacaíochta Oideachais na hÉireann) agus ag an gComhairle Mhúinteoireachta chun tacú leis na scoileanna ina gcuid foghlama gairmiúla le linn phaindéim COVID 19. Is faoin meirge Ag teacht isteach ar an Athrú, ag Machnamh ar a bhfuil le Teacht a thabharfar na ceardlanna, agus is múinteoirí atá ag cleachtadh a ngairme a dhéanfaidh iad a éascú. Tabharfaidh na ceardlanna deis do scoileanna a bheith ag foghlaim óna chéile agus comhráite machnamhacha a dhéanamh a mbeidh Cosán, an chreatlach náisiúnta um fhoghlaim múinteoirí, mar thaca leo. Beidh uirlisí agus straitéisí fónta ag na héascaitheoirí a thacóidh le múinteoirí agus ceannairí scoile chun eispéiris foghlama ghairmiúla féintionscanta a bheidh solúbtha agus in oiriúint don chomhthéacs a chur á bhforbairt do chách.
Táthar á iarraidh ar scoileanna triúr ball foirne* a ainmniú a bheidh rannpháirteach sna ceardlanna, agus ceannaire meánleibhéil nó ardleibhéil ina measc. Is iad na hIonaid Oideachais thíos a dhéanfaidh na ceardlanna a óstáil. Is féidir áirithintí a dhéanamh trí na hIonaid Oideachais féin.
Beidh an tsraith ceardlann ar líne ar siúl sna hIonaid Oideachais thíos:
Ionad Oideachais | Ceardlann 1 | Ceardlann 2 | Ceardlann 3 |
Ionad Oideachais an Chláir | 30 Samhain 2020 | 8 Feabhra 2021 | 19 Aibreán 2021 |
Ionad Oideachais Laoise | 18 Eanáir 2021 | 22 Feabhra 2021 | 26 Aibreán 2021 |
Ionad Oideachais Luimnigh | 1 Nollaig 2020 | 26 Eanáir 2021 | 23 Márta 2021 |
Ionad Oideachais Chorcaí | 2 Nollaig 2020 | 27 Eanáir 2021 | 24 Márta 2021 |
Ionad Oideachais an Uaimh | 3 Feabhra 2021 | 10 Márta 2021 | 28 Aibreán 2021 |
Ionad Oideachais na Carraige Duibhe | 3 Feabhra 2021 | 10 Márta 2021 | 28 Aibreán 2021 |
Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar | 2 Nollaig 2020 | 20 Eanáir 2021 | 10 Márta 2021 |
Ionad Oideachais Dhroim Conrach | 1 Nollaig 2020 | 19 Eanáir 2021 | 9 Márta 2021 |
Ionad Oideachais Chill Chainnigh | 1 Nollaig 2020 | 2 Feabhra 2021 | 13 Aibreán 2021 |
Ionad Oideachais Chill Dara | 2 Nollaig 2020 | 4 Feabhra 2021 | 15 Aibreán 2021 |
Ionad Oideachais Dhún na nGall | 18 Eanáir 2021 | 8 Feabhra 2021 | 8 Márta 2021 |
Ionad Oideachais Chora Droma Rúisc | 18 Eanáir 2021 | 8 Feabhra 2021 | 8 Márta 2021 |
*I gcás bunscoileanna beaga, beidh solúbthacht ann ó thaobh íosleibhéal lucht freastail ó gach scoil.