Athbhreithniú agus Creidiúnú 2021 - 2023

Chun ullmhúchán a dhéanamh don chéad tsraith eile den phróiseas athbhreithnithe agus creidiúnaithe, tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta ar a polasaí maidir leis na caighdeáin do chláir OTM a ndearna próiseas comhairliúcháin fairsing eolas dóibh leis na príomhpháirtithe leasmhara agus rinneadh taighde a choimisiúnú maidir le socrúchán scoile.

Ar an 11 Samhain 2020, lainseáil an Chomhairle Mhúinteoireachta na caighdeáin leasaithe do chláir Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM) in Céim: Caighdeáin don Oideachas Tosaigh Múinteoirí agus Riachtanais Clárúcháin Ábhair Churaclaim na Comhairle Múinteoireachta (Iar-bhunscoil) atá leasaithe.

Ní mór do chláir nua bhunscoile agus iar-bhunscoile a chuirtear isteach le creidiúnú a fháil ón gComhairle a bheith i gcomhréir le Céim. Déanfar na cláir OTM atá ann cheana féin a athailíniú i gcomhréir le Céim le tosú i mí Mheán Fómhair 2022 do mhúinteoirí faoi oiliúint na chéad bhliana.