Le linn 2012, rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta athbhreithniú ar na riachtanais a bhaineann le gach ábhar curaclaim iar-bhunscoile agus ar na nósanna imeachta a úsáidtear chun oiriúnacht cháilíochtaí céime a chinneadh sula dtugtar faoi chlár d'oideachas tosaigh múinteoirí. Tar éis comhairliúchán cuimsitheach le páirtithe leasmhara ábhartha san oideachas, cuireadh sraith leasaithe riachtanas i dtoll a chéile. Rinne an Chomhairle iad a dhaingniú i mí na Nollag 2012 agus seoladh ar aghaidh chuig an Aire Oideachais agus Scileanna iad, a d’aontaigh le tuairimí na Comhairle maidir leo.
Rinneadh na riachtanais leasaithe (béarla), a bheidh in éifeacht dóibh siúd atá ag déanamh iarratas ar chlárú tar éis an 1 Eanáir 2017(agus dóibh siúd atá ag tabhairt faoin gclár Máistir Gairmiúil san Oideachas, a mhairfidh dhá bhliain, in 2015) a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Comhairle i mí Dheireadh Fómhair 2013 agus a scaipeadh ar gach Institiúid Ardoideachais agus na páirtithe leasmhara oideachais uile.
Tá próiseas athbhreithnithe ar na Critéir Ábhar Curaclaim Iarbhunscoile, i gcomhthéacs an réimse gnéithe lena n-áirítear forbairtí leanúnacha sa leanúntas oideachas múinteoirí, saincheisteanna maidir le soláthar múinteoirí agus leasú na sraithe sóisearaí.