Seimineár gréasáin, a mhaireann breis bheag is uair an chloig agus a craoladh i dtosach in Eanáir 2019 nuair a bhí sé á óstáil ag an gComhairle Mhúinteoireachta agus ag an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (JCT) i gcomhar. B’iad an mhúinteoireacht mhachnamhach agus an fhoghlaim mhachnamhach na téamaí a bhí á bplé ag na comhaltaí painéil thíos. Is é Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, a bhí sa chathaoir.
Comhaltaí Painéil
Dr Padraig Kirk, Stiúrthóir, an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí
An tOllamh (Emerita) Ruth Leitch, Scoil na nEolaíochtaí Sóisialta, Oideachais agus Obair Shóisialta, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
Bernie Tobin, Leas-Phríomhoide, Bunscoil Naomh Eoin Soiscéalaí, Leamhcán Co. Bhaile Átha Cliath
Dr Conor Mellon, Múinteoir ar iasacht agus é ag obair sa rannóg Foghlaim Múinteoirí agus Taighde den Chomhairle Mhúinteoireachta
Anita McDonald, Múinteoir Iar Bhunscoile i gColáiste Pobail Bhéal Átha Bheithe, Co. Mhuineacháin
Amanna na Ríomhsheimineár Gréasáin ar leith
00:00 – 00:03 Tús Plé
00:03 – 00:10 A bhfuil i gceist leis an Machnamh agus an tábhacht atá leis
00:10 - 00:21 Spás a chur i leataobh don Mhachnamh faoi dhálaí an tsaoil mar atá
00:21 - 00:28 Céard ba cheart a bheith á dhéanamh ag lucht polasaí chun an Machnamh a leabú sa chóras?
00:28 - 00:38 An Machnamh comhoibriteach
00:38 - 00:43 Guth an dalta i gcomhthéacs lionsaí Brookfield
00:43 - 00:46 Cén chaoi a gcruthóimid spás cothaitheach don Mhachnamh?
00:46 – 00:54 Cultúir scoile
00:54 -00:57 An mbíonn drogall ar lucht polasaithe athrú a dhéanamh?
00:57 – 01:01 Gníomh amháin a bheimis in ann a dhéanamh chun an Machnamh a leabú inár gcleachtadh/mar chuid dár gcleachtadh
01:01 - 01:02 Focal scoir