D’óstáil an Chomhairle Mhúinteoireachta seimineár gréasáin i mí na Samhna 2017 ina raibh téama na Folláine á phlé ag na painéalaithe thíos. Maireann an seimineár gréasáin uair an chloig agus trí nóiméad déag, agus beidh tú in ann taifeadadh den seimineár gréasáin a bhreathnú thíos.
Comhaltaí Painéil
Ms Marie-Therese Downes, Uasal, Múinteoir Bunscoile, iarrthóir PhD, agus comhalta de Ghrúpa Rannpháirtíochta Taighde na Comhairle Múinteoireachta
Dr Niall Muldoon, an tOmbudsman do Leanaí in Éirinn
An tOll. Roisin Corcoran, iar-Ollamh Cúnta in Ollscoil John Hopkins, i Scoil an Oideachais, COBÁC anois
Keara Caul, scoláire bhliain a cúig i gColáiste Pobail Fhine Gall a d’oibrigh le Crosscare ar thionscadail a bhaineann le téama na Folláine
Patrick Ferris, scoláire bhliain a cúig i gColáiste Pobail Fhine Gall a rinne Míreanna Mearaí dar teideal ‘It's time to start talking’ (‘Tráth Comhrá’)
Amanna na Seimineár Gréasáin
00:00- 00:04 Introductions/ Tús leis an bPlé
00:04 – 00:14 Sainmhínithe éagsúla ar fholláine agus tuiscintí éagsúla uirthi
00:14 – 00:27 Ceannasaíocht agus cur chuige scoile uile i leith na Folláine (Cultúir folláine)
00:27 – 00:39 Tionchar na scrúduithe ar fholláine scoláirí agus múinteoirí
00:39 – 00:46 Folláine i gcomhthéacs Riachtanais Speisialta Oideachais (SEN)
00:46 – 00:49 Tionchar na meán sóisialta ar an bhfolláine
00:49 – 00:55 Ag comhoibriú le daoine aonair i réimse na sláinte
00:55 – 01:00 Eispéiris le clár scoile piarmheantóireachta
01:00 – 01:05 An bhfuilimid ag brath an iomarca ar ‘chláir nua’ i gcás na folláine?
01:07 – 01:10 Comhairle thábhachtach do mhúinteoirí maidir lena bhfolláine féin, agus folláine daoine eile, a fheabhsú
01:10 – 01:13 Focal scoir