Chun rochtain a dhéanamh ar na ríomhleabhair ag baint úsáid as na naisc thíos, ní mór do mhúinteoirí cláraithe bheith logáilte isteach i leabharlann ar líne na Comhairle Múinteoireachta.
Logáil isteach anseo ag baint úsáid as d’Uimhir Chláraithe de chuid na Comhairle Múinteoireachta. Nuair atá tú logáilte isteach, roghnaigh ‘Déan Rochtain ar Irisleabhair Oideachais’ ag an mbun ar chlé den scáileán.

J. Banks (2022)
Tugann an leabhar seo sraith de thuairimí saineolaithe domhanda le chéile ar oideachas cuimsitheach, ag nochtadh an teannas atá ag athrú sa réimse taighde seo agus ag leagan béime ar threoracha don todhchaí. Bunaithe ar chomhráite spéisiúla uathúla le príomhshaineolaithe acadúla ar fud na cruinne, úsáideann Joanne Banks agallaimh dhomhain chun díospóireachtaí reatha san oideachas speisialta agus cuimsitheach a scrúdú agus soláthraíonn sí forbhreathnú soiléir ar na príomhtheannais a mbíonn tionchar acu ar bheartas agus ar chleachtas thar chomhthéacsanna náisiúnta éagsúla. Leagann a leabhar béim freisin ar an gcaoi nach n-aistrítear polasaithe cuimsitheacha oideachais i gcónaí go cleachtais chuimsitheacha inár scoileanna. Tugann an t-idirphlé a chuirtear i láthair sa téacs inrochtana seo léargas do léitheoirí ar ár dtuiscint choincheapúil ar chuimsiú i gcomhthéacs Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Tríd an bplé neamhfhoirmiúil seo, tá an leabhar seo iontach d'acadóirí agus do thaighdeoirí atá ag obair i réimse an oideachais chuimsithigh agus speisialta, d'oideachasóirí ar mian leo timpeallachtaí níos cuimsithí a chruthú dá gcuid mac léinn, agus do lucht déanta beartas atá ag iarraidh tuiscint a fháil ar an chuma atá ar oideachas cuimsitheach ar an talamh.


N. Eredics (2018)
Sa leabhar seo, cuireann Nicole Eredics, oideoir a bhfuil taithí na mblianta aici, na léitheoirí ar an eolas faoi cad atá i gceist le hionchuimsiú agus conas a tharlaíonn sé. Cuirtear comhairle ar fáil maidir le conas na bacainní a bhriseadh síos agus an cultúr ionchuimsitheach a fheabhsú sna seomraí ranga agus sna scoileanna, agus clúdaítear freisin na príomhthopaicí ar nós comhoibriú foirne, dearadh uilíoch chun na foghlama, comhtheagasc agus tacaíochtaí sóisialta agus mothúchánach. Cuirtear 40 straitéis ar leith ar bhain múinteoirí triail astu, ar fáil chun tacaíocht bhreise a thabhairt don chleachtas ionchuimsitheach, agus tá spriocanna scoláirí ann, treoracha céim ar chéim atá simplí agus leideanna chun iad a chur i bhfeidhm, idirghabhálacha agus forleathnúcháin mholta, agus samplaí d’obair scoláirí iontaofa a léiríonn an straitéis ag obair. D’fhéadfadh Inclusion in Action bheith úsáideach mar threoir do thosaitheoir faoin ionchuimsiú agus ag an am céanna d’fhéadfadh sé foinse mhór de smaointe praiticiúla a chur ar fáil do mhúinteoirí a bhfuil taithí na mblianta acu.


R. Woolley (2018)
Is fiosrú saibhir agus cuimsitheach ar an ionchuimsiú san oideachas é Understanding Inclusion, a thugann dúshlán do léitheoirí machnamh a dhéanamh ar cad atá i gceist le bheith ‘ionchuimsitheach’ sa chiall is leithne. Déantar réimse leathan de théamaí agus saincheisteanna casta a chíoradh a mbíonn éifeacht acu ar an gcleachtas oideachasúil, ag tacú le tuiscint ar dhifríocht mar an gnáthrud, agus ní mar rud eisceachtúil. Agus é mar bhonn faoin taighde is déanaí (féach ar Shraith Taighde CROÍ na Comhairle Múinteoireachta le haghaidh tuilleadh eolais), cuirtear beocht sa phlé trí fhínéid den fhíorthaithí agus trí shamplaí den chleachtas ó raon suíomhanna agus ó ilchríocha éagsúla. D’fhéadfadh léitheoirí taitneamh a bhaint as na ceisteanna a chuirtear síos tríd a thacaíonn leis an machnamh aonair agus leis an gcó-mhachnamh. Sa leabhar, pléitear líon gnéithe tábhachtacha den ionchuimsiú, mar shampla, ionchuimsiú sóisialta agus aicme shóisialta, tuiscintí ar chumas agus ar mhíchumas, tuairimí domhanda ar chultúr agus féiniúlacht, ceartas aisiríoch don ionchuimsiú, agus ról lárnach na ceannaireachta. Tá Understanding Inclusion deartha dóibh siúd uile atá i mbun na castachtaí den teagasc agus foghlaim a thuiscint.

Ó. Ní Bhroin (2017)
Le blianta beaga anuas, chonacthas gur athraíodh go suntasach an polasaí ó bhonn maidir le hoideachas ionchuimsitheach in Éirinn. Sa leabhar seo, déantar imscrúdú ar conas a dhéanann múinteoirí acmhainne agus múinteoirí ranga an polasaí agus na prionsabail a bhaineann le hionchuimsiú a léirmhíniú agus iad seo a léiriú ina gcleachtas. Bunaithe ar staidéar ar naonúr múinteoirí acmhainne agus ar naonúr múinteoirí ranga, gach ceann díobh curtha i mbeirteanna i scoil ar leith, clúdaíonn sé ábhar as agallaimh agus breathnóireachtaí ar chleachtas araon, agus cuireann sé mionchuntas cáilíochtúil ar fáil de na gníomhaíochtaí agus an caidreamh a bhaineann le taithí teagaisc/foghlama. Sna torthaí, cuirtear léargais ar fáil maidir le conas a thuigtear an t-ionchuimsiú, conas a dhéantar é a léirmhíniú agus conas a fhaightear taithí faoi sa seomra ranga. Beidh siad mar ábhar spéise dóibh siúd uile atá gníomach sa réimse oideachais um ionchuimsiú, go háirithe múinteoirí agus lucht déanta polasaithe.

A. Ekins (2016)
D’fhéadfadh Reconsidering Inclusion bheith oiriúnach dóibh siúd uile a bhfuil spéis acu sa chleachtas ionchuimsitheach agus cuirtear léargas ar fáil ann ar na cleachtais ionchuimsitheacha i scoileanna. Bunaithe ar thaighde a rinneadh maidir leis an bhfírinne a bhaineann le cleachtais ionchuimsitheacha a fhorbairt i scoileanna, agus ar bhlianta de thaithí cleachtóra i réimse an oideachais, sa leabhar tugtar breac-chuntas ar conas is féidir le caidreamh sóisialta agus mothúchánach na mball foirne na cleachtais ionchuimsitheacha a choimeád ag imeacht agus a fhorbairt. Chomh maith le dul i mbun plé a dhéanamh ar na príomhthorthaí agus ar na príomhthéamaí atá lárnach don chleachtóir, agus spreagadh a thabhairt dóibh dul i mbun go grinn le cleachtais ionchuimsitheacha a fhorbairt ina scoileanna, gheobhaidh na léitheoirí ceisteanna machnamhacha maidir lena gcleachtas agus samplaí de phríomhthuiscintí iomaíocha le cur le tuiscint níos doimhne. Cuireann Ekins fíorchuntais agus fíorphlé i láthair maidir leis an bhfírinne a bhaineann le cleachtais ionchuimsitheacha, mar a bhfuil taithí ag múinteoirí orthu agus mar atá mínithe acu agus an fhreagracht orthu leis na cleachtais sin a léiriú. Ag deireadh an leabhair tá plé ann maidir leis na himpleachtaí is féidir a bhaint amach don chleachtas ag leibhéal pearsanta agus ag leibhéal gairmiúil.

G. Scanlon, Y. Barnes-Holmes, M. Shevlin, C. McGuckian (2019)
Bíonn dúshláin mhóra i ndán do chuid mhór daoine óga nuair a bhíonn siad ag boga dh ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil agus ag bogadh ón iar-bhunscoil go dtí breisoideachas/ ardoideachas. Tá neamhspleáchas níos pearsanta, féinfheasacht agus go hideálach féinéifeachtúlacht i gceist leis na haistrithe seo. Do scoláirí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu agus/nó atá faoi Mhíchumas (RSOM), d’fhéadfadh na dúshláin seo bheith níos deacra, agus b’fhéidir go mbeidh gá le leanúnachas sa tacaíocht nó le rochtain a dhéanamh ar thacaíocht nua chun na haistrithe seo a éascú ar bhealach ina dtugtar comhionannas deiseanna le dul i gceannas ar a saol féin, a gcuid oideachais san áireamh. Tá an litríocht thurgnamhach atá ann faoi láthair maidir le haistriú na scoláirí a bhfuil RSOM acu srianta. Sa leabhar seo, déantar athbhreithniú ar an fhianaise choincheapúil, polasaí agus taighde maidir le taithí na ndaoine óga de na haistrithe seo. Sa leabhar seo, tuairiscítear freisin ar thaighde nua a rinneadh le daoine óga a bhfuil RSOM acu agus na páirtithe leasmhara iomchuí (tuismitheoirí, gairmithe oideachais agus gníomhaireachtaí deonacha san áireamh) a bhfuil baint acu sna haistrithe seo in Éirinn. Tríd seo a dhéanamh, cuireann an leabhar creat cleachtas bunaithe ar fhianaise ar fáil inar féidir le scoileanna agus gairmithe polasaithe agus cláir aistrithe atá éifeachtach agus ionchuimsitheach a fhorbairt.

G. MacRuairc, E. Ottesen, R. Precey (2013)
Sa leabhar seo, déantar iarracht an cuimsiú a chur san áireamh go daingean sa chomhthéacs níos leithne agus é a scaradh ón dioscúrsa a bhaineann le scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais/oideachais bhreise acu. Ar an mbonn seo, tá na húdair in ann ionchur níos soiléire a bheith acu laistigh de dhioscúrsaí a tharraingíonn ar an difríocht agus ar an éagsúlacht mar ghnéithe dosheachanta de scoileanna.