Leagann an Creat Tacaíochta Taighde an bhéim ar ghníomhaíochtaí taighde a neartóidh na naisc idir an taighde, an beartas agus an cleachtas. Tacaíonn an creat go gníomhach leis an gcomhoibriú i measc múinteoirí atá ag cleachtadh, agus idir múinteoirí atá ag cleachtadh agus páirtithe leasmhara eile san oideachas. Féachann sé le tacaíocht a thairiscint dóibh siúd a bhaineann úsáid as taighde atá ann cheana agus a chuireann i bhfeidhm é ina gcleachtadh féin, nó dóibh siúd a dhéanann taighde as an nua, go háirithe nuair nach mbaineann na tionscadail sin le cláir fhoirmiúla staidéir.
Faoin mbabhta reatha den chreat freisin beidh tosaíocht ag iarratais ó mhúinteoirí atá ag cleachtadh agus acu siúd a bhféadfadh a gcuid tionscadal cur leis an taighde, leis an mbeartas agus leis an gcleachtas i réimsí na folláine agus an chomhoibrithe. Sa chomhthéacs sin, is é sainmhíniú leathan na Comhairle Múinteoireachta ar an bhfolláine, a chuimsíonn folláine an mhúinteora agus folláine an dalta araon, arna leagan amach ar leathanach 19 de Cosán: Creatlach um -fhoghlaim múinteoirí, a threoróidh an próiseas breithnithe. Is é a thuigtear anseo go ginearálta le comhoibriú, comhoibriú a mbíonn múinteoirí atá ag cleachtadh, daltaí/ mic leinn agus daoine eile páirteach ann.