
D'fhógair an Chomhairle Mhúinteoireachta an chéad bhabhta den Chreat Tacaíochta Taighde ar an 11 Márta 2017, cuireann an creat seo €100,000 ar fáil do mhúinteoirí agus do dhaoine eile atá ag glacadh páirt i dtaighde oideachais.
Glacadh le hiarratais faoi bhabhta a haon den chreat ón 23 Meitheamh 2017 go dtí Meán Fómhair 2017 agus bhí 100 iarratas faighte faoin dáta sin. Roghnaíodh 33 tionscadal agus tugadh €100,000 ar an iomlán amach.
Tá liosta de na tionscadail a fuair maoiniú faoin gcéad bhabhta den chreat tacaíochta taighde le fáil anseo (Béarla).
Rochtain tuairisc gairid maidir le taighde a cuireadh I gcrích faoin gcéad bhabhta den chreat tacaíochta taighde anseo.
Tá aiseolas ó thaighdeoirí a fuair tacaíocht faoi bhabhta a haon den Chreat Tacaíochta Taighde ar fáil anseo (Béarla).
Féach ar fhíseán gearr thíos den searmanas bronnta do na daoine a fuair deontas faoin gcéad bhabhta den Chreat Tacaíochta Taighde: