Íocfar dámhachtainí le hiarratasóirí a n-éiríonn leo in dhá thráthchuid. Bronntar an chéad leath den dámhachtain ag ócáid gradam le haghaidh na n-iarratasóirí a n-éiríonn leo tar éis moltóireacht a bheith déanta ag an bPainéal Athbhreithnithe. Íocfar an dara tráthchuid nuair atá an tionscadal curtha i gcrích agus nuair a chuirtear isteach tuairisc deiridh shásúil.
Tuairisc ar an Dul Chun Cinn
Beifear ag súil go gcuirfidh na faighteoirí sin a bhfuil a dtionscadail taighde le bheith níos faide ná bliain tuairisc ar an dul chun cinn a chur isteach faoin 1 Meán Fómhair gach bliain leis an gComhairle Mhúinteoireachta a choinneáil ar an eolas maidir leis an dul chun cinn agus maidir le haon athruithe atá déanta ar fhoireann an tionscadail agus/nó aon chúinsí a d’fhéadfadh cur isteach ar thoradh an tionscadail. Tá teimpléad den tuairisc ar an dul chun cinn ar fáil le híoslódáil anseo (Béarla).
Tuairisc Deiridh
Beifear ag súil go gcuirfidh iarratasóirí a n-éiríonn leo tuairisc deiridh a chur isteach laistigh de 60 lá den taighde a chur i gcrích. Sa tuairisc deiridh leireofar gur comhlíonadh líon coinníollacha. Beidh cinneadh déanta maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha seo ag Painéal Athbhreithnithe an Chreata Tacaíochta Taighde nuair a bhuaileann siad le chéile i mí Márta gach bliain chun athbhreithniú a dhéanamh ar na tuairiscí deiridh. I gcás thromlach na dtionscadal, táthar ag súil go gcuirfear na tuairiscí deiridh isteach taobh istigh de thréimhse trí bliana ón maoiniú bheith bronnta. I gcásanna eisceachtúla, agus ar bhonn cáis ar chás, b’fhéidir go gcuirfear síneadh ama leis seo, faoi réir comhaontaithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta, agus is é an t-uasfhad sé bliana ón dáta bronnta. Tá an teimpléad den tuairisc deiridh ar fáil le híoslódáil anseo (Béarla).