Tá an Grúpa Rannpháirtíochta Taighde (GRT) déanta suas de mhúinteoirí cláraithe agus de dhaoine eile a bhfuil taithí agus spéis acu i gcúrsaí taighde sna réimsí teagaisc, foghlama agus/nó measúnaithe. Tá an grúpa ionadaíoch do raon leathan de chomhthéacsanna teagaisc, agus leasanna taighde, agus déanann sé gach iarracht:
- Tacú le hobair na Comhairle sa réimse taighde, lena n-áirítear an rochtain tábhachtach a dhéanann múinteoirí ar chúrsaí taighde a éascú
- An bhaint atá ag múinteoirí agus daoine eile atá i mbun taighde a chur chun cinn, taighdeoirí lonnaithe in institiúidí ardoideachais san áireamh.
- An rannpháirtíocht idir múinteoirí agus daoine eile atá i mbun taighde a chur chun cinn, taighdeoirí lonnaithe in institiúidí ardoideachais san áireamh.
Is ar bhonn deonach agus roghnach a bhíonn rannpháirteachas sa ghrúpa, agus de ghnáth bíonn sé comhdhéanta de tuairim is fiche comhalta a mbíonn tréimhse téarma oifige acu ar feadh dhá bhliana. Tagann an grúpa le chéile trí huaire i rith na bliana, cé gur féidir cruinnithe breise a eagrú más gá. Tá an grúpa tar éis teacht le chéile don téarma reatha de dhá bhliain, ach chuirfeadh an Chomhairle fáilte roimh léirithe spéis ó dhaoine aonair ar mian leo a bheith bainteach leis amach anseo, nó sa chás go dtagann folúntais aníos anois is arís. Ba chóir do dhaoine aonair a raibh ionchur acu sa taighde oideachasúil, agus atá toilteanach an bhaint atá ag múinteoirí i gcúrsaí taighde agus le cúrsaí taighde, léiriú spéise a chur isteach chuig education@teachingcouncil.ie.
Cuirfear léiriú spéise san áireamh ag féachaint do réimse tosca, lena n-áirítear iad seo a leanas:
- Fianaise de spéis i gcúrsaí taighde/ baint le cúrsaí taighde sa teagac, foghlaim agus measúnú
- Tiomantas agus a bheith ar fáil chun freastal ar chruinnithe sceidealaithe. (De gháth bíonn cruinnithe ar siúl i rith na seachtaine, ar 4 p.m. in oifigí na Comhairle i Maigh Nuad)
- A bheith toilteanach dul i mbun gníomhaíochtaí GRT, lena n-áirítear iad seo a leanas:
- Dul i mbun comhráite gairmiúla leis na naisc fheabhsaithe idir cúrsaí taighde, polasaí agus cleachtais sa teagasc agus san fhoghlaim a chur chun cinn
- Ábhar léitheoireachta a mholadh don ghairm as an mbunachar sonraí EBCSO nó as áiteanna eile
- Achoimrí gearra a scríobh maidir le taighde molta le foilsiú ar shuíomh gréasáin na Comhairle nó ar a ríomhiris
- Aiseolas a chur ar fáil maidir le straitéis taighde na Comhairle agus na réimsí taighde tosaíochta de réir mar is gá.