Research Alive!

Cúlra agus cuspóirí Research Alive!

Is comhfhiontar é grúpa Research Alive! idir an Chomhairle Mhúinteoireachta, an National Council for Curriculum and Assessment (NCCA) agus an Centre for Effective Services (CES). Bunaíodh é in 2013 chun an úsáid a bhaintear as taighde i gcleachtas oideachasúil a chur chun cinn agus chun tuilleadh comhroinnte a chur chun cinn idir múinteoirí maidir lena dtaithí le taighde a chur i bhfeidhm ina gcuid oibre.

Tá téarmaí tagartha comhaontaithe an ghrúpa ar fáil anseo.

San áireamh sna príomhrudaí a baineadh amach tá suirbhé ar mhúinteoirí maidir lena rannpháirtíocht i gcúrsaí taighde, comhdháil a reáchtáladh in 2013 agus Lá Comhfhoghlama in 2017, an fhorbairt ar fhís do mhol ar líne chun tacú leis an rannpháirtíocht i gcúrsaí taighde agus le dul i mbun cúrsaí taighde (Molfeasa), agus an maoiniú a rinneadh ina dhiaidh sin ar ardán ar líne T-REX.ie.