Tar éis chomhdháil Research Alive! in 2013, rinneadh anailís agus plé go cúramach ar an aiseolas, go háirithe an pointe maidir le rannpháirtíocht chriticiúil, agus chomhaontaigh cuibhreannas Research Alive! gurb é “an chéad chéim eile” is fearr ná mol ar líne a chruthú chun an rannpháirtíocht chriticiúil seo a éascú.
Rinne an grúpa scrúdú ar líon mór suíomhanna gréasáin den chineál céanna i ndlínsí éagsúla. San iniúchadh seo, léiríodh raon cur chuige, ó shuíomhanna nach ndéanann ach ábhar taighde a óstáil agus an rochtain a éascú, go suíomhanna a dhíríonn ar eadráin an taighde le haghaidh lucht spéise oideachasúil atá éagsúil. Tar éis machnamh a dhéanamh ar láidreachtaí agus laigí na suíomhanna atá ann faoi láthair, agus tar éis tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar an aiseolas ón gcomhdháil, lorg an grúpa oibre atá ionadaíoch do na trí eagraíocht moltaí ansin le suíomh gréasáin nua a fhorbairt, a lainseáil agus chun tacaíocht a thabhairt dó do chóras oideachais na hÉireann – www.molfeasa.ie. Is é is brí leis an téarma Gaeilge “mol feasa” “hub of wisdom / knowledge / learning” as Béarla.
Faraor, tar éis dhá phróiseas iarratais ar thairiscintí, níor aimsíodh aon fhorthairgeoir rathúil, agus ansin thosaigh cuibhreannas Research Alive! ag déanamh iniúchta ar bhealaí éagsúla ina bhféadfaí an tacaíocht is fearr a thabhairt go héifeachtach do mhúinteoirí chun cur lena rannpháirtíocht i gcúrsaí taighde.
Mar chuid den phróiseas sin, tháinig sé ar an eolas gurb ann don ardán ar líne Malartú Saineolais Taighde, agus ba chosúil go raibh sé in ann an fhís a bhí ag grúpa Research Alive! a chur i gcrích do mhol taighde. Ina dhiaidh sin, rinne an cuibhreannas maoiniú ar fhorbairt bhreise a dhéanamh ar an ardán agus athainmníodh é mar T-REX.ie (Teachers’ Research Exchange as Béarla). Féach anseo le haghaidh tuilleadh eolais maidir le T-REX.ie.