Tá líon taisclann agus bunachar sonraí foinse oscailte a thairgeann ailt irisleabhair, leabhair agus tráchtais.
Eolaire Leabhar um Rochtain Oscailte (DOAB) - Leis an DOAB méadaítear an fhéidearthacht le leabhair um Rochtain Oscailte a aimsiú.
Eolaire Irisleabhar um Rochtain Oscailte (DOAJ) - DOAJ is ea eolaire ar line a dhéanann irisleabhair rochtana oscailte ardchaighdeáin a bhfuil léirmheas déanta orthu ag piaraí, a innéascú agus a chur ar fáil go héasca.
Institiúid Seirbhísí Oideachais ERIC - Is leabharlann ar líne í ERIC do thaighde agus eolas oideachais atá faoi urraíocht ag Institiúid na nEolaíochtaí Oideachais (IES) de na Stáit Aontaithe.
Leabharlann OAPEN - Sa Leabharlann OAPEN tá leabhair acadúla a bhfuil fáil éasca orthu, go príomha sa réimse daonnachtaí agus eolaíochta sóisialta.
Open Book Publishers - Foilsíonn OBP taighde acadúil agus rochtana oscailte ar ardchaighdeán san Daonnachtaí agus sna hEolaíochtaí Sóisialta.
Springer Open - Cuireann Springer Open áit ar fáil do thaighdeoirí as gach réimse den eolaíocht, teicneolaíocht, leigheas agus de na daonnachtaí agus eolaíochtaí sóisialta le rochtain oscailte sna hirisleabhair agus leabhair a fhoilsiú.
Wiley Open - Is clár é Wiley Open Access d'irisleabhair rochtana oscailte iomlána.
DORAS – Taisclann institiúideach rochtana oscailte a chuireann rochtain saor in aisce ar fhoilseacháin agus tráchtais taighde léannta agus eolaíochta de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.
ARROW - Is seirbhís de Sheirbhísí Leabharlainne Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath í an taisclann.
NCSE – Eolas faoi fhoilseacháin taighde agus beartas sa réimse oideachais speisialta ar oileá na hÉireann ó 2000 ar aghaidh, ón gComhairle Náisiúnta Oideachais Speisialta.
ARAN - Is bailiúchán digiteach é ARAN d'fhoilseacháin léannta um rochtain oscailte. Bailíonn agus caomhnaíonn ARAN cumarsáid léannta, lena n-áirítear ailt a bhfuil léirmheas déanta orthu ag piaraí, páipéir oibre agus páipéir comhdhála a chruthaigh taighdeoirí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus cuireann siad iad ar fáil go héasca.
TARA - Is taisclann um rochtain oscailte í TARA ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
RIAN – Tairseach fhairsing do thaighde de chuid na hÉireann, lena n-áirítear comhbhailiúchán d'ábhar as líon taisclann institiúideacha e.g. Ollscoil Luimnigh, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, an tÚdarás um Ard-Oideachas.