Polaitíocht & Sochaí agus Ríomheolaíocht

An bhfuil mé i dteideal clárú don ábhar/do na hábhair iar-bhunoideachais Polaitíocht & Sochaí agus/nó Ríomheolaíocht?

Féach na critéir d’ábhair iar-bhunoideachais maidir leis na riachtanais sna hábhair ar leith, gheofar anseo iad (as béarla).

Caithfear na riachtanais ábhair a shásamh chomh maith leis na gnáthriachtanais clárúcháin, Grinnfhiosrú san áireamh.

Níl mé cláraithe i láthair na huaire. Ba mhaith liom iarratas ar chlárú a dhéanamh agus na hábhair nua sin a bheith i mo chlárú.

Beidh na riachtanais nua ábhair maidir le Polaitíocht & Sochaí agus Ríomheolaíocht i bhfeidhm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Gheofar foirmeacha iarratais anseo.

Tá mé cláraithe i láthair na huaire. Cén chaoi a gcuirfidh mé an t-ábhar Polaitíocht & Sochaí agus/nó Ríomheolaíocht le mo chlárú reatha?

Líon isteach an fhoirm PPQA-02 le do thoil. Léigh na Treoirnótaí (Béarla) le do thoil sula líonfaidh tú isteach í.

Cén táille atá i gceist?

Bíonn táille €100 le híoc chun ábhar breise a chur le do Chlárú.

Tá an t-ábhar OSSP i mo chlárú i láthair na huaire, an mbeidh mé in ann an t-ábhar Polaitíocht & Sochaí a chur le mo chlárú freisin?

Beidh, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chun Polaitíocht & Sochaí a chur le do chlárú reatha mar gur ábhar ar leith atá ann.

Tá an t-ábhar OSSP i mo chlárú i láthair na huaire, an ndéanfar é a athrú go huathoibríoch go Polaitíocht & Sochaí?

Ní dhéanfar, ní athróidh d’ábhar OSSP. Is ábhar curaclaim iar-bhunoideachais ar leith í Polaitíocht & Sochaí. Chun an t-ábhar sin a chur le do chlárú, féach na sonraí san eolas thuas le do thoil.

Tá an t-ábhar Staidéar Ríomhaireachta (TF nó TFC) i mo chlárú i láthair na huaire, an mbeidh mé in ann an t-ábhar Ríomheolaíocht a chur leis?

Beidh, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chun Ríomheolaíocht a chur le do chlárú reatha mar gur ábhar ar leith atá ann.

Tá an t-ábhar Staidéar Ríomhaireachta (TF nó TFC) i mo chlárú i láthair na huaire, an ndéanfar é a athrú go huathoibríoch go Ríomheolaíocht?

Ní dhéanfar, ní athróidh d’ábhar Staidéar Ríomhaireachta (TF nó TFC). Is ábhar curaclaim iar-bhunoideachais ar leith í an Ríomheolaíocht. Chun an t-ábhar sin a chur le do chlárú, féach na sonraí san eolas thuas le do thoil.

Tá mé cláraithe in earnáil an Bhreisoideachais, ach sásaím na riachtanais anois le haghaidh Polaitíocht & Sochaí agus/nó Ríomheolaíocht. An mbeidh mé in ann iarratas ar chlárú iar-bhunoideachais a dhéanamh anois? Cén fhoirm a chaithfidh mé a úsáid?

Beidh, féadfaidh tú iarratas ar chlárú iar-bhunoideachais a dhéanamh má shásaíonn tú na riachtanais i gcás ábhair curaclaim, agus má tá clár oideachais creidiúnaithe le haghaidh múinteoirí iar-bhunoideachais agat.

Líon isteach an fhoirm REG-01 le do thoil, tabhair do chláruimhir reatha agus luaigh go bhfuil tú ag iarraidh an t-ábhar curaclaim nua a chur leis.

Más thar lear a chuir tú do chuid oideachais múinteoirí iar-bhunoideachais i gcrích, líon isteach an fhoirm PPQA-01 le do thoil.