Clárú a Athnuachan

Ní mór do mhúinteoirí a gclárú a athnuachan go bliantúil. Gach bliain roimh an dáta athnuachana seolfaidh an Chomhairle meabhrúchán chuig gach múinteoir cláraithe ag an seoladh teagmhála is deireanaí atá ar fáil dóibh.

Táille Athnuachana Clárúcháin

Is comhlacht féinmhaoinithe í an Chomhairle. Is trí tháillí athnuachana clárúcháin go príomha a dhéantar í a mhaoiniú, dá bhforáiltear in Alt 23 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 - 2015. Is í an táille chlárúcháin tosaigh ná €90 agus, le héifeacht ón 1 Eanáir 2013, tá an táille athnuachana clárúcháin socraithe ag €65.

Íocaíocht na Táille

Tá sé níos fearr go ndéanfadh múinteoirí a gclárú a athnuachan ar líne le cárta creidmheasa/dochair tríd logáil isteach ag 'Mo Chlárú'

Tá an leagan Gaeilge den tairseach ar líne á fhorbairt faoi láthair. Le do chlárú a athnuachan, tá dhá rogha eatramhacha agat:

  1. Cuir isteach do chuid sonraí ar líne as Gaeilge ag baint úsáid as an bpróiseas athnuachana as Béarla trí MoChlárú; nó
  2. Íoslódáil foirm athnuachana anseo.

Cliceáil anseo do Threoir Céim ar Chéim chun cuidiú leat sa phróiseas.

Ainmneacha a Bhaint den Chlár

De réir fhorálacha an Achta um an Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 - 2015 (Alt 33), tá clárú bailí ar feadh 12 mhí ón dáta clárúcháin. Chun fanacht ar an gClár, ní mór do mhúinteoir cláraithe a chlárú nó a clárú a athnuachan sula dtagann deireadh leis an tréimhse chlárúcháin reatha. Seolfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta meabhrúchán athnuachana clárúcháin chuig múinteoirí tuairim is sé  sheachtaine roimh an dáta athnuachana. Mura ndéanfar an clárú a athnuachan roimh an dáta éaga, eiseofar Fógra Deiridh. Mura ndéanfar an clárú a athnuachan laistigh de thríocha lá ó dháta an Fhógra Deiridh, bainfear ainm an mhúinteora den chlár go huathoibríoch.

Féadfaidh múinteoir ath-iarratas a dhéanamh ar chlárúchán ag tráth ar bith tríd an bpróiseas iarratais iomlán a chur i gcrích, lena n-áirítear grinnfhiosrú tríd an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúchán agus tras-scríbhinní, chomh maith le haon doiciméid tacaíochta eile, a chur isteach. Tabhair faoi deara nach féidir clárú a chur i gcrích gan toradh sásúil ar ghrinnfhiosrú an Biúró Náisiúnta agus ag tréimhsí éilimh ard, is féidir le moill cúpla seachtaine a bheith ar ghrinnfhiosrú an Gharda Síochána.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Chlárú a Athnuachan féach na Ceisteanna Coitianta.

Athnuachan/Coinníollacha Éaga

Má tá coinníollacha éaga agat atá ag dul in éag laistigh de 6 mhí de do dháta athnuachana, ní bheidh tú in ann athnuachan a dhéanamh ar do chlárú go dtí go gcuireann tú isteach fianaise gur chuir tú an coinníoll/na coinníollacha i gcrích nó go dtí go ndearna tú iarratas ar shíneadh ama a fháil trí Mo Chlárú. Ní mór duit tabhairt faoi choinníollacha atá ag dul in éag roimh do dháta athnuachana nó rachaidh do chlárú as feidhm agus bainfear den chlár tú.

Athnuachan/Ath-Ghrinnfhiosrú

Ní bheidh tú in ann athnuachan a dhéanamh ar do chlárú go dtí go dtéann tú faoi ghrinnfhiosrúchán ar líne leis an BNG (má iarrann an Chomhairle Mhúinteoireachta ort ath-ghrinnfhiosrú a dhéanamh). Ní mór duit aghaidh a thabhairt ar aon chuireadh le ath-ghrinnfhiosrú a dhéanamh – roimh do dháta athnuachana – nó rachaidh do chlárú as feidhm agus bainfear den chlár tú ar do dháta athnuachana.

Faoiseamh Cánach Ioncaim ar Tháille Athnuachana

Tá an Táille Athnuachana Chlárúcháin ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim mar chostas oibre chun críche cánach ioncaim.

Is féidir faoiseamh cánach ioncaim a éileamh ar an táille athnuachana chlárúcháin bhliantúil mar chuid den liúntas costais bhunráta do mhúinteoirí. Is féidir é seo a dhéanamh ach logáil isteach go dtí do MoChlárú ar www.Revenue.ie. Ba chóir aon fhiosruithe a bhaineann le faoiseamh cánach a chur ar aghaidh go dtí na Coimisinéirí Ioncaim.