Clárú a Athnuachan Céim-ar-Céim

Tá tús curtha le bunachar sonraí clárúcháin feabhsaithe ar líne ag an gComhairle Mhúinteoireachta a thugann rochtain duit cuid mhór de do riachtanais chlárúcháin a dhéanamh trí do chuntas MoChlárú ar líne.

Cuimsíonn na seirbhísí seo *athnuachan ar chlárú, grinnfhiosrúchán, sonraí pearsanta a athrú agus rochtain éasca ar do Dheimhniú Clárúcháin.

Chun rochtain a dhéanamh ar an seirbhísí seo, ní mór duit do chuntas tairsí nua MoChlárú a ghníomhachtú.

*Is seirbhís ar líne anois í an Athnuachan, trí do chuntas MoChlárú ar líne, níl UAP (PIN) ag teastáil uait a thuilleadh chun athnuachan a dhéanamh. Ós rud é gur próiseas dearbhaithe é seo, ní dhéantar íocaíochtaí fóin a éascú a thuilleadh.

claru-a-athnuachan

Múinteoir Cláraithe – ag teacht ar do chuntas Mo Chlárú den chéad uair

Más múinteoir cláraithe thú, beidh nasc uathúil eisithe chugat roimhe seo ar ríomhphost chun do chuntas a ghníomhachtú.

  1. Cliceáil ar an nasc sa ríomhphost
  2. Beidh d’ainm úsáideora curtha ann roimh ré (is é d’ainm úsáideora do sheoladh ríomhphoist ar do thaifead de chuid na Comhairle Múinteoireachta)
  3. Cruthaigh do phasfhocal

Tabhair faoi deara: Is gá go mbeadh 8 gcarachtar ar a laghad ag Pasfhocail. Is gá go mbeadh litir cás íochtair amháin, ceannlitir amháin, uimhir amháin agus carachtar speisialta (m.sh.* ! $) amháin ar a laghad ann.

*Más mian leat go ndéanfar an nasc seo a eisiúint arís, cuir ríomhphost chuig myreghelp@teachingcouncil.ie le do thoil.

claru-a-athnuachan

Úsáideoir atá ag teacht ar ais/atá ann cheana féin

Má chruthaigh tú cuntas Mo Chlárúcheana féin, as sin amach, is féidir leat dul go dtí an leathanach logála isteach i Mo Chuntas ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta, tá an nasc anseo, agus

  1. logáil isteach ag baint úsáid as d’ainm úsáideora (*seoladh ríomhphoist) agus do phasfhocal.

* Is é d’Ainm Úsáideora an seoladh ríomhphoist tosaigh a d’úsáid tú chun rochtain a fháil ar do chuntas. Má d’athraigh tú do ríomhphost ó cuireadh an chéad ghníomhachtú i bhfeidhm ní mór duit ríomhphost a chur chuig myreghelp@teachingcouncil.ie chun do sheoladh ríomhphoist a nuashonrú agus athshocróimid do chuntas tairsí.

claru-a-athnuachan

Más gá duit do Phasfhocal a Athshorcrú

  1. Ar an leathanach logála isteach, cliceáil ar an gcnaipe ‘Dearmad déanta agat ardo phasfhocal?
  2. Cuir isteach do sheoladh ríomhphoist sa bhosca “Dearmad déanta agat ar do Phasfhocal –Ainm Úsáideora”
  3. Roghnaigh “Seol Meabhrúchán Pasfhocail”

Ag glacadh leis go n-aimsítear pasfhocal a mheaitseálann é, gheobhaidh tú ríomhphost. Roghnaigh an nasc agus ligifidh sé seo duit do phasfhocal a athrú. Logáil isteach ag baint úsáid as do ríomhphost agus as pasfhocal nua.

Tabhair faoi deara: Is gá go mbeadh 8 gcarachtar ar a laghadag Pasfhocail. Is gá go mbeadh litir cás íochtair amháin, ceannlitir amháin, uimhir amháin agus carachtar speisialta (m.sh.* ! $) amháin ar a laghad ann.

claru-a-athnuachan

Iarratas a dhéanamh ar Chlárú a Athnuachan

Tabhair do d’aire, má iarradh ort tabhairt faoi athghrinnfhiosrúchán agus/nó má tá coinníoll(acha) nach bhfuil curtha i gcrích agat ar do chálrú atá le dul in éag laistigh de na chéad shé (6) mhí eile, ní bheidh tú in ann do chlárú a athnuachan go dtí go dtugann tú faoi seo. Is féidir iarratais a dhéanamh ach logáil isteach ar “Mo Chlárú” agus “Mo Choinníollacha” agus/nó “Grinnfhiosrúchán” a roghnú.

Tá an leagan Gaeilge den tairseach clárúcháin ar líne á fhorbairt. Chun do chlárú a athnuachan, tá dhá rogha eatraimh agat:

A. Cuir isteach do chuid sonraí ar líne as Gaeilge ag baint úsáid as an leagan Béarla den phróiseas athnuachana; nó

B. Cliceáil anseo chun foirm athnuachana a íoslódáil.

claru-a-athnuachan

A. Ag déanamh athnuachana ar líne

Tabhair faoi deara le do thoil gur próiseas ina bhfuil dhá chéim atá i gceist leis seo. Sa chéad chéim, is gá an fhoirm athnuachana a chomhlánú (féach 1-9 thíos) agus sa dara céim téann tú ar aghaidh go dtí íocaíocht na táille athnuachana, de réir chéim 10 thíos.

  1. Logáil isteach ar do chuntas Mo Chlárú.
  2. Roghnaigh an teideal “Déan Athnuachan ar Mo Chlárú”
  3. Cliceáil ar an gcnaipe gorm 'Déan Athnuachan Anois' 
  4. Sa leathanach seo, beidh Sonraí Pearsanta, deimhnigh le do thoil go bhfuil an t-eolas i gceart.
    Nóta Tábhachtach: Gach réimse a bhfuil * marcáilte leis, is gá iad seo a chomhlánú. Má tá aon chuid den eolas mícheart nó in easnamh, ní bheidh tú in ann dul ar aghaidh go dtí an íocaíocht. Léireoidh nóta i ndath dearg cé acu cuid den fhoirm ar gá duit breathnú uirthi, is féidir leat cliceáil a dhéanamh ar an táb iomchuí i.e., Sonraí Pearsanta, Seirbhís Teagaisc nó Dearbhuithe a thabharfaidh tú ar ais go dtí an chuid sin den fhoirm iarratais.
  5. Cliceáil ar 'An Chéad Leathanach Eile' ag an mbun ardheis
  6. Leathanach 'Iarratais ar Athnuachan', tá sé tábhachtach sonraí fostaíochta reatha a thabhairt suas chun dáta i.e., deimhnigh na sonraí reatha atá ar an gClár nó cuir isteach fostaíocht nua.
  7. Cliceáil ar 'An Chéad Leathanach Eile' ag an mbun ardheis
  8. Dearbhuithe – ní mór na ceisteanna dearbhaithe uile a fhreagairt
  9. Cliceáil ar 'Cuir isteach'
  10. Beidh deimhniú ar taispeáint gur cuireadh isteach an t-iarratas agus is féidir leat dul ar aghaidh anois agus an táille athnuachana a íoc
  11. Beidh achoimre den ordú (i.e., suim na híocaíochta) ar taispeáint. Cliceáil ar deimhnigh
  12. Comhlánaigh an leathanach sonraí íocaíochta agus cliceáil ar ÍOC ANOIS
  13. Nuair atá an íocaíocht déanta taispeánfar an méid seo a leanas
    'D’éirigh leat. Rinneadh d’ordú a phróiseáil i gceart.'
  14. Eiseofar ríomhphost chuig do sheoladh ríomhphoist atá ar an gClár ina gcuirfear in iúl duit go ndearna tú do chlárú a athnuachan.

claru-a-athnuachanclaru-a-athnuachan

B. Íoslódáil foirmeacha athnuachana agus cuir iad isteach tríd an bpost. (Ar fáil ar bhonn eatramach go dtí go mbíonn forbairt déanta ar an rogha ar líne as Gaeilge)

  1. Téigh chuig suíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta www.teachingcouncil.ie
  2. Roghnaigh an rogha Ghaeilge ar bharr an leathanaigh bhaile
  3. Roghnaigh 'Clárú a Athnuachan' faoi 'Clárúchán'.
  4. Cliceáil ar an nasc chun an fhoirm athnuachana a íoslódáil sa chuid maidir le 'Íocaíocht na Táille'.
  5. Ní mór an fhoirm seo a chomhlánú ina hiomláine, a shíniú, dáta a chur léi, agus a chur ar ais go dtí An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, W23 Y7X0 in éineacht le híocaíocht le seic/dréacht bainc nó ordú poist den tsuim de €65.00 atá iníoctha leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Scríobh d’uimhir chlárúcháin ar chúl an tseic/an dréachta bhainc nó an ordaithe phoist, le do thoil.

Mura ndéantar í a chomhlánú i gceart, cuirfear an fhoirm ar ais dá bharr. Ní ghlacfar le híocaíocht gan an fhoirm seo agus cuirfear í ar ais. Gach réimse a bhfuil * marcáilte leis, is gá iad seo a chomhlánú.

claru-a-athnuachan