Mas múinteoir cláraithe thú, beidh nasc* uathúil eisithe duit roimh ré i ríomhphost chun do chuntas a ghníomhachtú. Céim 1:Cliceáil ar an nasc sa ríomhphost Céim 2: Beidh d’ainm úsáideora curtha ann roimh ré (is é d’ainm úsáideora do sheoladh ríomhphoist mar atá i do thaifead leis an gComhairle Mhúinteoireachta) Céim 3: Cruthaigh pasfhocal Caithfidh 8 gcarachtar ar a laghad a bheith i bpasfhocal. Caithfidh litir chás uachtair amháin ar a laghad a bheith ann, agus uimhir agus carachtar speisialta (e.g. * ! $). * Mura bhfuil tú in ann teacht ar an nasc, seol ríomhphost chuig myreghelp@teachingcouncil.ie le do thoil, chun nasc nua a iarraidh. |