Cáilithe in Éirinn roimh an Bhliain Reatha

Ba chóir d'iarratasóirí a cháiligh in Éirinn, nach bhfuil nua-cháilithe, agus ar mian leo tús a chur le múinteoireacht nó filleadh uirthi tar éis tréimhse asláithreachta.

Príomhchoinníollacha Chun Bheith curtha leis an gClár

Cáilíochtaí

  1. Bealach 1 – Bunscolaíocht
  2. Bealach 2 – Iarbhunscolaíocht
  3. Bealach 3 – Breisoideachas
  4. Bealach 4 – Eile

Fianaise Carachtair – lena n-áirítear Grinnfhiosrúchán (éigeantach).

Próiseas Iarratais

Ba chóir do mhúinteoirí (Bealach 1– Bunscolaíocht, Bealach 2 – Iarbhunscolaíocht, Bealach 3 – Breisoideachas, Bealach 4 – Eile) iarratas ar chlárú a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais REG-01.

Ní mór iad seo a leanas a bheith in éineacht le foirmeacha iarratais comhlánaithe:

• fótachóipeanna de thras-scríbhinní

• fianaise dhoiciméadach eile (féach an fhoirm iarratais)

• táille chlárúcháin €90

Ba chóir d'iarratasóirí a chinntiú go bhfuil an fhoirm iarratais comhlánaithe go hiomlán sula ndéantar í a chur ar aghaidh, trí thagairt do na Nótaí Treorach agus don seicliosta atá ar an bhfoirm. Nuair a bheidh d'iarratas faighte againn, scrúdóidh foireann na Comhairle Múinteoireachta é lena chinntiú go bhfuil sé comhlánaithe go hiomlán agus go bhfuil gach cáipéisíocht atá de dhíth ann. Nuair nach amhlaidh an cás, déantar teagmháil leis an iarratasóir agus iarrtar orthu an cháipéisíocht nach bhfuil ann a sheoladh ar aghaidh nó aon chodanna den fhoirm nach bhfuil comhlánaithe a líonadh isteach.

• Cliceáil anseo d'Fhoirm Iarratais REG-01 agus do na Nótaí Treorach.