Cúlra
Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta a foras rialála atá ceaptha mar an tÚdarás Inniúil laistigh den Stát le measúnú a dhéanamh ar cháilíochtaí teagaisc ón AE agus ó iarratasóirí tríú tír agus le haitheantas a thabhairt dóibh. Tá an AE agus reachtaíocht na hÉireann mar bhonn reachtach faoin bpróiseas clárúcháin i bhfoirm na Treorach um Cháilíochtaí Gairmiúla (Treoir AE 2005/36/CE, arna leasú); Rialacháin (Aitheantas Cáilíochtaí Gairmiúla) an AE (IR 8 de 2017); na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, an tAcht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012; agus na Rialacháin (Clárúchán) um an Chomhairle Mhúinteoireachta 2016.
- Tá forbairt déanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta ar phróiseas clárúcháin saincheaptha chun tacú le clárú múinteoirí Úcránacha a bhfuil Cosaint Shealadach bronnta orthu faoi Threoir um Chosaint Shealadach an AE.
- Sa phróiseas saincheaptha, cuirtear san áireamh an reachtaíocht atá leagtha amach thuas agus na ‘Treoirlínte maidir le haitheantas cáilíochtaí gairmiúla de dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh sa Úcráin’ atá foilsithe ag an gCoimisiún Eorpach.
- Forbraíodh foirm iarratais ar leith (UKR-01) agus Nótaí Treorach. Ba chóir gach fiosrú agus iarratas ar dhoiciméid iarratais a chur ar aghaidh go dtí to ukrainianteachers@teachingcouncil.ie.
An Próiseas
Ní bhaineann an próiseas iarratais saincheaptha ach amháin le múinteoirí a cháiligh sa Úcráin agus a bhfuil Cosaint Shealadach bronnta orthu faoi Threoir um Chosaint Shealadach an AE.
Meastar gur duine atá ina m(h)úinteoir cáilithe duine a chuir cáilíocht oideachas múinteoirí i gcrích ag leibhéal ollscoile agus atá in ann fianaise cáilíochta a chur ar fáil mar mhúinteoir ón Aireacht Oideachais agus Eolaíochta agus/nó ó ollscoile Úcránach inar cháiligh sé/sí.
- Chun tacú le clárú na múinteoirí Úcránacha cáilithe ar bronnadh Cosaint Shealadach orthu faoi Threoir um Chosaint Shealadach an AE, tá ord na bpróiseas sa phróiseas clárúcháin mionathraithe ag an gComhairle. Déanfar measúnú tar éis an chlárúcháin i dtús báire ar cháilíochtaí na n-iarratasóirí Úcránacha cáilithe atá i dteideal iarratas a dhéanamh faoin bpróiseas seo. Tá an próiseas measúnaithe seo ann chun a chinntiú go bhfuil na cáilíochtaí ar chaighdeán inchomparáide leo siúd a bhain céimithe de chláir chreidiúnaithe amach in Éirinn. Má thagann difríochtaí suntasacha chun cinn, cuirtear coinníollacha i bhfeidhm ar chlárú an mhúinteora.
- Rinneadh próisis an ghrinnfhiosrúcháin agus imréiteach póilíní a choigeartú freisin lena chinntiú go gcoimeádtar na caighdeáin agus ag an am céanna go gcuirtear san áireamh an cás ar leith a bhaineann leis an Úcráin.