Próiseas Clárúcháin Saincheaptha do Mhúinteoirí Úcránacha Cáilithe

Cúlra 

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta a foras rialála atá ceaptha mar an tÚdarás Inniúil laistigh den Stát le measúnú a dhéanamh ar cháilíochtaí teagaisc ón AE agus ó iarratasóirí tríú tír agus le haitheantas a thabhairt dóibh. Tá an AE agus reachtaíocht na hÉireann mar bhonn reachtach faoin bpróiseas clárúcháin i bhfoirm na Treorach um Cháilíochtaí Gairmiúla (Treoir AE 2005/36/CE, arna leasú); Rialacháin (Aitheantas Cáilíochtaí Gairmiúla) an AE (IR 8 de 2017); na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, an tAcht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012; agus na Rialacháin (Clárúchán) um an Chomhairle Mhúinteoireachta 2016. 

  • Tá forbairt déanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta ar phróiseas clárúcháin saincheaptha chun tacú le clárú múinteoirí Úcránacha a bhfuil Cosaint Shealadach bronnta orthu faoi Threoir um Chosaint Shealadach an AE.
  • Sa phróiseas saincheaptha, cuirtear san áireamh an reachtaíocht atá leagtha amach thuas agus na ‘Treoirlínte maidir le haitheantas cáilíochtaí gairmiúla de dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh sa Úcráin’ atá foilsithe ag an gCoimisiún Eorpach.
  • Forbraíodh foirm iarratais ar leith (UKR-01) agus Nótaí Treorach. Ba chóir gach fiosrú agus iarratas ar dhoiciméid iarratais a chur ar aghaidh go dtí to ukrainianteachers@teachingcouncil.ie.

An Próiseas

Ní bhaineann an próiseas iarratais saincheaptha ach amháin le múinteoirí a cháiligh sa Úcráin agus a bhfuil Cosaint Shealadach bronnta orthu faoi Threoir um Chosaint Shealadach an AE. 

Meastar gur duine atá ina m(h)úinteoir cáilithe duine a chuir cáilíocht oideachas múinteoirí i gcrích ag leibhéal ollscoile agus atá in ann fianaise cáilíochta a chur ar fáil mar mhúinteoir ón Aireacht Oideachais agus Eolaíochta agus/nó ó ollscoile Úcránach inar cháiligh sé/sí.

  • Chun tacú le clárú na múinteoirí Úcránacha cáilithe ar bronnadh Cosaint Shealadach orthu faoi Threoir um Chosaint Shealadach an AE, tá ord na bpróiseas sa phróiseas clárúcháin mionathraithe ag an gComhairle. Déanfar measúnú tar éis an chlárúcháin i dtús báire ar cháilíochtaí na n-iarratasóirí Úcránacha cáilithe atá i dteideal iarratas a dhéanamh faoin bpróiseas seo. Tá an próiseas measúnaithe seo ann chun a chinntiú go bhfuil na cáilíochtaí ar chaighdeán inchomparáide leo siúd a bhain céimithe de chláir chreidiúnaithe amach in Éirinn. Má thagann difríochtaí suntasacha chun cinn, cuirtear coinníollacha i bhfeidhm ar chlárú an mhúinteora. 
  • Rinneadh próisis an ghrinnfhiosrúcháin agus imréiteach póilíní a choigeartú freisin lena chinntiú go gcoimeádtar na caighdeáin agus ag an am céanna go gcuirtear san áireamh an cás ar leith a bhaineann leis an Úcráin. 

Riachtanais Cháilitheachta le Rochtain a Dhéanamh ar an bPóiseas Saincheaphta do Mhúinteoir Úcránach

Is féidir le múinteoirí a cháiligh sa Úcráin iarratas a dhéanamh ar chlárú ach an fhoirm iarratais UKR-01 a chomhlánú, má chomhlíonann siad an dá riachtanas cáilitheachta agus cáilíochta seo a leanas:

a) Gur bronnadh Cosaint Shealadach orthu faoi Threoir um Chosaint Shealadach an AE agus go bhfuil siad in ann fianaise a chur ar fáil de Státas um Chosaint Shealadach ón Roinn Dlí agus Cirt.  

agus  

b) Gur cháiligh siad mar mhúinteoir sa Úcráin agus go bhfuil siad in ann fianaise a chur ar fáil de chlárú nó de cheadúnas chun teagasc san Úcráin agus/nó fianaise cáilíochta a chur ar fáil mar mhúinteoir ón Ollscoil Úcránach inar cháiligh siad.

  • Ní ghlacfar le hiarratais nach gcomhlíonann na riachtanais cháilitheachta seo rochtain a dhéanamh ar an bpróiseas seo. 
  • Tá liosta de na doiciméid tacaíochta is cóir a chur isteach leis an iarratas UKR-01 ar fáil sna Nótaí Treorach do Mhúinteoirí Úcránacha atá ar fáil ó ukrainianteachers@teachingcouncil.ie.

Bealaí Clárúcháin

Ní mór d’iarratasóirí an Bealach clárúcháin a roghnú dá bhfuil siad cáilithe/ dá bhfuil ceadúnas acu le teagasc a dhéanamh ann.

Bealach 1 – Bunscoil (múinteoir a bhfuil cáilíocht oideachas múinteoirí aige/aici a dhíríonn ar dhaltaí 4-12 bhliain d’aois)  

Bealach 2 – Iar-bhunscoil (múinteoir a bhfuil cáilíocht oideachas múinteoirí aige/aici a dhíríonn ar dhaltaí 12-18 mbliana d’aois agus a chomhlíonann Riachtanais d’Ábhar Curaclaim le haghaidh ábhair amháin ar a laghad). Treorófar iarratasóirí nach gcomhlíonann na riachtanais d’ábhar curaclaim chun iarratas a dhéanamh ar chlárú faoi Bhealach 3

Bealach 4 – Eile (múinteoir a bhfuil cáilíocht oideachas múinteoirí aige/aici a dhéanann speisialtóireacht sa réimse riachtanas speisialta oideachais). 

Clárú le Coinníollacha 

Bronntar clárú le coinníollacha nuair nach bhfuil na riachtanais chlárúcháin uile de chuid na Comhairle comhlíonta ag iarratasóir le haghaidh clárúcháin. Má bhronntar clárú le coinníollacha, cuirfidh an Chomhairle in iúl don mhúinteoir maidir leis na coinníollacha atá leagtha air/uirthi, na bearta atá de dhíth chun iad a chomhlíonadh, agus an tréimhse ama atá i gceist ina gcaithfear iad a chomhlíonadh. Déanfar na coinníollacha a thaifeadadh ar an gClár agus ar litir Chlárúcháin an mhúinteora. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh sna coinníollacha a bhainfeadh le múinteoirí Úcránacha: 

  1. Measúnú ar Cháilíochtaí 
  2. Riachtanas an Bhéarla 
  3. Imréiteach Póilíní  
  4. Riachtanas na Gaeilge (múinteoirí bunscoile) 
  5. Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann (múinteoirí iar-bhunscoile)   
  6. Droichead (an chreatlach ionduchtúcháin ghairmiúil chomhtháite)

Conas Iarratas a Dhéanamh 

Chun tús a chur leis an bpróiseas iarratais cuir ríomhphost chuig ukrainianteachers@teachingcouncil.ie.

Ní Chomhlíonaim na Riachtanais Cháilitheachta chun Rochtain a Dhéanamh ar an bPróiseas Saincheaptha/Cad iad mo roghanna?

D’fhéadfadh náisiúnaigh Úcránacha a bhfuil cáilíocht tríú leibhéal ag leibhéal 8 ar a laghad ar an NFQ, ach nach bhfuil cáilíocht oideachas múinteoirí acu, breathnú ar iarratas a dhéanamh ar chlárú faoi Bhealach 3. Cliceáil ANSEO le do thoil le haghaidh tuilleadh eolais ar chlárú Bhealach 3 agus maidir le conas iarratas a dhéanamh.