D’fhaomh agus shínigh an tAire Oideachais, mar aon le Cathaoirleach agus Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta leasú isteach sa dlí ar Rilacháin um Chlárú na Comhairle Múinteoireachta i mí na Nollag 2021. Mar thoradh ar an leasú tá múinteoirí faoi oiliúint ar éirigh leo an chéad dá bhliain a chur i gcrích de chlár Oideachas Tosaigh Múinteoirí fochéime, creidiúnaithe (bunscoil agus iar-bhunscoil) in ann iarratas a dhéanamh ar chlárú leis an gComhairle. Is féidir féachaint go mion ar Ionstraim Reachtúil Uimh. 745 de 2021 anseo.
Próiseas Iarratais
Tá teagmháil déanta ag an gComhairle leis na soláthraithe cúrsa creidiúnaithe uile in Éirinn agus tá iarrtha aici sonraí mic léinn a aistriú le haghaidh mac léinn incháilithe lena gcead.
Céim 1: Beidh do sholáthraí cúrsa i dteagmháil leat agus iarrfaidh sé cead uait le do shonraí a aistriú go dtí an Chomhairle más mian leat iarratas a dhéanamh ar chlárú faoi Bhealach 5 – Múinteoirí faoi Oiliúint.
Céim 2: Nuair atá do shonraí faighte agus próiseáilte, eiseoidh an Chomhairle ríomhphost le cuireadh díreach chugat ina gcuirfear nasc sábháilte ar fáil duit chun cuntas ar líne a chruthú.
Céim 3: Nuair atá do chuntas ar líne cruthaithe agat, beidh tú in ann iarratas ar chlárú a dhéanamh ar líne faoi Bhealach 5. Tabhair faoi deara le do thoil, tá an clárú faoi réir Grinnfhiosrúcháin. Tabhair do d’aire ar leith ar an scoithdháta ar an ríomhphost atá curtha ar fáil maidir leis an iarratas a chur isteach. Is é €90 an táille chlárúcháin.
Céim 4: Nuair atá do Ghrinnfhiosrúchán faofa agus nuair atá d’iarratas clárúcháin tugtha chun críche, gheobhaidh tú ríomhphost ina ndeimhneofar d’uimhir chlárúcháin agus ina n-eiseofar Deimhniú Clárúcháin. Is féidir an Deimhniú seo a íoslódáil agus a roinnt le haon fhostóirí a d’fhéadfadh a bheith agat.
Clárú Coinníollach
Tá ceithre choinníoll infheidhme faoi Bhealach 5 – Múinteoirí faoi Oiliúint, mar seo a leanas:
1. Beidh ort fanacht mar mhac léinn cláraithe ar an gclár creidiúnaithe in oideachas múinteoirí i dtaca lena ndearna tú iarratas ar chlárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta go dtí go gcuireann tú an clár sin i gcrích go raithúil.
2. Ní féidir leat dul i mbun teagaisc ach amháin ar bhonn ionaid go dtí go gcuireann tú an clár creidiúnaithe in oideachas múinteoirí i gcrích go rathúil i dtaca lena raibh tú cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta.
3. Is gá duit a bheith rannpháirteach go hiomlán sa chlár creidiúnaithe in oideachas múinteoirí go dtí go gcuireann tú an clár sin i gcrích go rathúil.
4. Is gá duit cleachtas gairmiúil faoi mhaoirseacht a chur i gcrích mar atá leagtha amach ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 bliana ón dáta leis an gclár creidiúnaithe in oideachas múinteoirí a chur i gcrích go rathúil.
Tugann an seimineár gréasáin seo a leanas breac-chuntas ar an bpróiseas iarratais chlárúcháin, coinníollacha clárúcháin, próiseas athnuachana agus aon eolas ábhartha eile do Bhealach 5 – Múinteoirí faoi Oiliúint.
Cuir fiosruithe clárúcháin ar ríomhphost chuig studentreg@teachingcouncil.ie