Cad is fiosrúchán ann?
I gcuid mhór cásanna, is é a bheidh i gceist le fiosrúchán ná éisteacht ó bhéal os comhair painéil den Choiste Araíonachta. Tá sé cosúil le héisteachta os comhair cúirte nó binse. Tugann na finnéithe fianaise faoi mhionn.
Mar sin féin, is féidir leat iarraidh go dtabharfaí faoin bhfiosrúchán trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn seachas é a bheith mar éisteacht ó bhéal. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh painéal an Choiste Araíonachta iarraidh ort aontú go mbeadh an fiosrúchán ar siúl trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn.
Déanfaidh painéal an Choiste Araíonachta cinneadh faoi cad é an cur chuige is oiriúnaí. Sa chuid is mó de na cásanna, is é éisteacht ó bhéal a bheidh ar siúl, go háirithe má bhíonn easaontas ann faoi na fíricí, nó má bhíonn siad faoi chaibidil.
Cá mbeidh an éisteacht ó bhéal ar siúl?
Beidh an chuid is mó éisteachtaí ar siúl in oifigí na Comhairle Múinteoireachta ag Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. Anois is arís, d’fhéadfadh na héisteachtaí a bheith ar siúl in áiteanna eile. Roimh an éisteacht, scríobhfaimid chugat leis an ionad, dáta agus am inar chóir duit a bheith i láthair.
Conas a ullmhaítear éisteacht ó bhéal?
Beidh ionadaithe Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta freagrach as an bhfianaise a ullmhú agus a chur faoi bhráid an phainéil ag an éisteacht. Ní mór don Stiúrthóir an gearán a chruthú ag an éisteacht. De ghnáth beidh dlíodóirí ag an Stiúrthóir mar chuidiú. Baileoidh an Stiúrthóir agus na dlíodóirí fianaise ar nós tuairiscí, comhfhreagras agus ráitis finnéithe i scríbhinn.
Roimh an éisteacht, seolfaimid na nithe seo a leanas chugat:
- Fógra Fiosrúcháin ina bhfuil na líomhaintí i do choinne
- cóipeanna den fhianaise uile; agus
- liosta finnéithe a dhéanfaidh an Stiúrthóir a ghairm le fianaise a thabhairt.
An mbeidh an éisteacht ó bhéal ar siúl go poiblí nó go príobháideach?
Bíonn na héisteachtaí ar siúl go poiblí ach amháin má iarrann tú nó finné a bhféadfaí cúrsaí pearsanta a nochtadh faoi/fúithi ar an bpainéal an éisteacht nó cuid den éisteacht a bheith ar siúl go príobháideach, agus go bhfuil an painéal sásta go mbeadh sé oiriúnach a leithéid a dhéanamh. Má bhíonn éisteacht ar siúl go poiblí, féadfaidh an painéal d’aitheantas nó aitheantas na ndaoine atá i gceist a choimeád faoi rún.
An féidir liom ceisteanna a chur ar fhinnéithe, nó an féidir le m’ionadaithe a leithéid a dhéanamh má dhéantar ionadaíocht dom?
Is féidir. Déanfaidh an Stiúrthóir a (h)ionadaithe a ghairm chun fianaise a thabhairt agus cuirfidh sé/ sí ceisteanna ar dtús ar an bhfinné bunaithe ar an ráiteas atá sínithe aige nó aici. Tabharfar an deis ansin duitse nó do d’ionadaithe ceisteanna a chur agus ina dhiaidh sin d’fhéadfadh an Painéal roinnt ceisteanna a chur. Baineann an próiseas céanna seo leis na finnéithe uile a dhéanann an Stiúrthóir nó a (h)ionadaithe a ghairm.
An féidir liom finnéithe a ghairm nó an féidir le m’ionadaithe é sin a dhéanamh má dhéantar ionadaíocht dom?
Is féidir leatsa nó d’ionadaithe d’fhinnéithe féin a ghairm chun fianaise a thabhairt. Beidh an Stiúrthóir nó a (h)ionadaithe agus an Painéal in ann ceisteanna a chur ar d’fhinnéithe.
An gá dom fianaise a thabhairt?
Ní gá. Is fút féin cinneadh a dhéanamh an bhfuil tú chun fianaise a thabhairt.
Cé a bheidh i láthair sa seomra éisteachta?
Painéal an Choiste Araíonachta – san áireamh anseo beidh idir triúr agus cúigear, atá mar bhaill den Choiste Araíonachta. Beidh ball amháin den phainéal ag feidhmiú mar Chathaoirleach.
An Measúnóir Dlí – Is abhcóide atá i gceist anseo a shuífidh leis an bpainéal agus a chuirfidh comhairle orthu faoi na saincheisteanna dlí nó nós imeachta. Ní dhéanann an Measúnóir Dlí cinneadh ar cruthaíodh an gearán. Baineann sé seo leis an bpainéal amháin.
Ionadaí dlí an Stiúrthóra – san áireamh anseo d’fhéadfadh dlíodóirí nó abhcóidí a bheith i gceist a chuirfidh an cás i láthair thar ceann an Stiúrthóra.
Foireann na Comhairle Múinteoireachta – san áireamh anseo beidh an fhoireann iomchuí den Chomhairle Mhúinteoireachta.
Tusa, an múinteoir cláraithe
D’ionadaithe – san áireamh anseo d’fhéadfadh ionadaithe dlí, ceardchumainn nó ionadaithe eile a bheith i gceist, a d’fhéadfadh gníomhú agus labhairt ar do shon. Cuirfidh siad do staid faoi bhráid an phainéil agus cuirfidh siad ceisteanna ar na finnéithe maidir lena bhfianaise. Féadfaidh tú do chás féin a chosaint mura bhfuil ionadaithe agat.
An Luathscríbhneoir – déanann an duine seo an fhianaise ar fad a thugtar ag éisteacht a thaifeadadh.
An pobal – Má bhíonn an fiosrúchán ar siúl go poiblí, d’fhéadfadh baill den phobal a bheith i láthair, lena n-áirítear iriseoirí, chun féachaint ar na himeachtaí agus éisteacht leo. De ghnáth, suíonn siad ar chúl an tseomra éisteachta.