FÉILTE 2022

IRISH-EZINE

Is é FÉILTE Féile Oideachais bhliantúil na Comhairle Múinteoireachta i mBarrfeabhas an Teagaisc agus na Foghlama. Ag FÉILTE, comhroinneann múinteoirí as na hearnálacha ar fad modheolaíochtaí teagaisc, acmhainní, smaointe agus nuálaíochtaí sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú.

Tá FÉILTE tar éis fás ó lucht féachana de 150 duine in 2012 go dtí ceann de na tionóil múinteoirí is mó síos tríd an oideachas bunscoile, iar-bhunscoile agus tríd an mbreisoideachas. I mbliana, bhí sé ina ócáid níos speisialta agus 10 mbliana de chuid FÉILTE á chomóradh againn agus tá súil againn go raibh tú rannpháirteach linn chun an nuálaíocht agus an obair chruthaitheach atá déanta ag múinteoirí agus ag ceannairí scoile a cheiliúradh ar fud an phobail scoile uile.

D’éisteamar agus ghlacamar le do chuid aiseolais ó 2021 agus tá na gnéithe ar líne á gcoinneáil againn a raibh an-tóir agaibh orthu. I mbliana, tar éis a bheith ar líne ar feadh dhá bhliain, bhí ríméad an tsaoil orainn a fhógairt go rabhamar ar ais le hócáid hibrideach bheo ina raibh gnéithe beo go pearsanta agus gnéithe beo sruthaithe ó chian.

Bhí FÉILTE 2022 ar siúl Dé Sathairn an 1 Deireadh Fómhair sa Helix, Baile Átha Cliath agus ar líne.

Ba é téama na féile i mbliana ná Meas, ag Cuimhneamh, ag Athshamhlú agus ag Machnamh.

Ba mhian linn gur léirigh FÉILTE an teagasc agus an fhoghlaim iontach atá ar siúl síos tríd an oideachas bunscoile, iar-bhunscoile agus breisoideacha