Tá na hiarratais le haghaidh Seóthaispeántas, Ceardlann agus TeachMeet dúnta!
Ba é Dé Luain, 21 Márta an spriocdháta chun iarratas iarratas a chuir isteach ar Seóthaispeántais, Ceardlanna agus/nó TeachMeet.
Beidh FÉILTE 2022 ar siúl Dé Sathairn an 1 Deireadh Fómhair ar líne agus sa Helix, Baile Átha Cliath.
D’éisteamar agus ghlacamar le do chuid aiseolais ó 2021 agus tá na gnéithe ar líne á gcoinneáil againn a raibh an-tóir agaibh orthu. I mbliana, tar éis a bheith ar líne ar feadh dhá bhliain, tá ríméad an tsaoil orainn a fhógairt go bhfuilimid ar ais le hócáid hibrideach bheo ina bhfuil gnéithe beo go pearsanta agus gnéithe beo sruthaithe ó chian.
Is mian linn go léireoidh FÉILTE an teagasc agus an fhoghlaim iontach atá ar siúl síos tríd an oideachas bunscoile, iar-bhunscoile agus breisoideachas. Déan iarratas thíos chun do scéal a roinnte faoi na cleachtais atá ar bun agat, faoi na smaointe ar bhain tú triail astu, agus faoi na rudaí a mholfá do mhúinteoirí eile.