FÉILTE 2013

Ar Dé Sathairn, an 5 Deireadh Fómhair 2013, rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta Lá Domhanda na Múinteoirí de chuid EOECNA a chomóradh trí FÉILTE a reáchtáil.

Ba ócáid í FÉILTE, an Fhéile Oideachais um Barrfheabhas Foghlama agus Teagaisc, ag a ndearnadh an mhúinteoireacht a cheiliúradh agus obair múinteoirí a bhíonn ag stiúradh tionscadail foghlama nuálacha a chur ar taispeáint. Tugadh deis do mhúinteoirí ar an lá sin gníomhú mar threoraithe dá chéile agus cabhrú lena chéile an úsáid is fearr a bhaint as an nuálaíocht ina gcleachtadh gairmiúil féin, ar mhaithe le daltaí agus mic léinn.

Thug Fintan O'Toole, Eagarthóir Litríochta Irish Times, léacht uaidh a raibh an-mheas uirthi dar teideal Leading Teaching: Empowering the Profession. Cuireadh am i leataobh tar éis na léachta chun cur ar chumas múinteoirí cuairt a thabhairt ar na taispeántais éagsúla ilchineálacha a bhí á gcur i láthair ag comhghleacaithe múinteoireachta eile. Thug Michael Mulgrew de chuid Chónaidhm Múinteoirí Mheiriceá aitheasc uaidh san iarnóin faoina fhreagairt phearsanta don lá. Ina dhiaidh sin, reáchtáladh díospóireacht phainéil an-spéisiúil faoi threoir Aoibhinn Ní Shúilleabháin , iarrthóir PhD i gColáiste na Tríonóide, craoltóir agus iar-mhúinteoir. Bhí Aoibhinn ag plé cúrsaí leis na haíonna Tracy Curran, Uasal, múinteoir cláraithe agus meantóir, David Coleman, Síceolaí Cliniciúil, craoltóir agus údar, agus an tOll. Jim Lucey, Stiúrthóir Liachta Ospidéal Ollscoile Naomh Pádraig, a bhíonn le cloisteáil mar aoi ar Raidió RTÉ a hAon go minic. Cuireadh clabhsúr leis an lá le taibhiú den scoth ó Chór Náisiúnta na nÓg.

Déan clár an lae a íoslódáil

Foireann Meán na nÓg

Bhí Foireann Meán na nÓg (FMÓ) ann ar feadh an lae chun gníomhaíochtaí an lae a thaifeadadh de réir mar a thit siad amach trí bhlagáil agus tvuíteáil agus trí agallamh a chur ar dhaoine a bhí i láthair. Thug Pam O’Brien, Conor Galvin, Evelyn O’Connor agus Bernie Goldbach treoir den scoth don fhoireann sin. Cliceáil anseo chun éisteacht le hagallaimh FMÓ.