Ar an Satharn, an 4 Deireadh Fómhair 2014, rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta Lá Domhanda na Múinteoirí de chuid UNESCO a cheiliúradh le FÉILTE, an Fhéile Oideachais um Barrfheabhas Foghlama agus Teagaisc. Ba é téama ócáid na bliana seo "Teagasc a phlé: Ballaí a leagan". Cliceáil anseo chun an clár a íoslódáil.
Bhí níos mó ná 50 taispeántas agus ceardlann ar siúl ag FÉILTE 2014. Ina measc bhí tionscadail a bhain le gnéithe éagsúla den earnáil oideachais chun léargas a thabhairt ar an nuáil atá ar siúl sa teagasc agus san fhoghlaim i láthair na huaire.
Cuireadh tús leis an lá le spreagaitheasc ón gcraoltóir, Ryan Tubridy, agus reáchtáladh trí dhíospóireacht phainéil ina dhiaidh sin a raibh Matt Cooper ina chathaoirleach orthu. Bhí ceann de na painéil sin dírithe ar fholláine agus bhí Bressie, Eoghan McDermott, Conor Cusack, Clare Hayes (AWARE) agus AnnMarie Ireland (múinteoir agus éascaitheoir le www.chilloutireland.ie). páirteach ann. Ba cheann de bhuaicphointí ócáid na bliana seo an díospóireacht phainéil ar fholláine.
Bhí an dá phainéal eile dírithe ar riachtanais múinteoirí nua-cháilithe agus ar riachtanais múinteoirí ag a bhfuil taithí. Thug an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan TD, aitheasc le linn an lae freisin, agus bhí taibhiú ann ó ChórNáisiúnta na nÓg.
Déan clár an lae a íoslódáil.
Féach ar Fhíseán gairid ina dtaispeántar roinnt buaicphointí ón lá