
Is é is FÉILTE ann an Fhéile Oideachais um Barrfheabhas Foghlama agus Teagaisc. Is ceiliúradh na múinteoireachta agus na foghlama é agus tugann sé deis do mhúinteoirí comhoibriú le chéile agus a gcuid oibre a roinnt le chéile agus leis an bpobal i gcoitinne.
Go bunúsach, is é atá i gceist le FÉILTE ná do ghairm a chur ar seóthaispeáint don phobal i gcoitinne. Is deis iontach í bheith i dteagmháil le comhghleacaithe, agus bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí folláine, agus tairbhe a bhaint as forbairt ghairmiúil ag an am céanna. Féadfaidh do thinreamh ag FÉILTE, faoi rogha do phríomhoide, a úsáid i dtreo do chuid uaireanta Pháirc an Chrócaigh.
I mbliana ba é téama ár bhféile An Teagasc a Athrú ó Bhonn i nDomhan Inbhuanaithe.
Bhí ríméad orainn go raibh Roddy Doyle, iarmhúinteoir, comhbhunaitheoir na carthanachta Fighting Words agus údar 12 úrscéal, linn mar eochairchainteoir le haghaidh FÉILTE i mbliana. Scríobh sé le haghaidh na teilifíse, don scáileán mór agus don stáitse. Scríobh sé seacht leabhar do leanaí freisin, The Giggler Treatment agus Brilliant ina measc.
Tar éis cé chomh maith agus a d’éirigh leis anuraidh, beidh FÉILTE ar siúl arís ar líne agus dealraítear go mbeidh sé níos mó agus níos idirghníomhaí ná riamh. Tá clár pacáilte againn atá lán le hábhar beo agus idirghníomhach chomh maith le ceangal beo le cainteoirí, rannpháirtithe agus comhghleacaithe a bheidh i láthair.