Phil Fox, Leas-Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, a bheidh sa chathaoir don phlé painéil a bheidh beo sa stiúideo.
Orthu siúd ar an bpainéal beidh:
- An Dr Pauline Stephen, Príomhfheidhmeannach agus Cláraitheoir, An Chomhairle Mhúinteoireachta Ghinearálta, Albain
- An Dr Derek Haime, OCT, Cláraitheoir agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Coláiste Múinteoirí Ontario
- Brian O’Doherty, Uachtarán, Líonra Príomhoidí Bunscoileanna na hÉireann (IPPN)
- Paula Mangan, Príomhoide Cúnta, Feabhsúchán Scoile agus Múinteoir Matamaitice agus TF, Pobalscoil Naomh Bhreandáin, Biorra
- Angela Jardine, Cathaoirleach na Comhairle Oideachais um Fhórsa Oibre, An Bhreatain Bheag
Féach ár gClár anseo le do thoil, dóibh siúd a bheidh ag freastal ar FÉILTE 2020, mar aon leis na sonraí ar fad faoin lá.