
Is éard atá in FÉILTE ná ceiliúradh faoi stiúir múinteoirí a tharlaíonn go bliantúil agus a tháinig ar an bhfód in 2013 d'fhonn Lá Domhanda na Múinteoirí de chuid EOECNA a cheiliúradh. Tugann FÉILTE aitheantas do agus déanann sé céiliúradh ar an obair a dhéanann múinteoirí dá gcuid daltaí ina seomraí ranga gach aon lá.
Bíodh cead cainte agat!
Táthar i mbun imeacht na bliana seo a phleanáil cheana féin agus ba mhór againn do chuid smaointe faoi cén chruth go mba cheart a bheith ar FÉILTE 2023. Is cuma má fhreastail nó murar fhreastail tú ar FÉILTE roimhe seo, déan an suirbhé gearr s'againne a líonadh isteach anseo le do thoil:

Cad a bhíonn ar siúl ag FÉILTE?
Ag FÉILTE, bailíonn múinteoirí le chéile ó bhunscoileanna, iarbhunscoileanna agus ón earnáil bhreisoideachais d'fhonn an dúil mhór atá acu sa mhúineadh a roinnt, páirt a ghlacadh i gcomhfhoghlaim agus spreagadh a fháil ó chomhghleacaithe agus ó aoichainteoirí araon. I gcroílár FÉILTE tá comhráite agus sealanna caite i mbun cabaireachta le cairde idir shean agus nua. Tá imeachtaí chun gach duine a shásamh ag FÉILTE, idir sheothaispeántais agus cheardlanna, dhíospóireachtaí painéil agus shiamsaíocht bhríomhar.
Cén fáth ar cheart dom freastal air?
Tar chuig FÉILTE chun:
- go bhfaighidh tú spreagadh
- go mbuailfidh tú le múinteoirí díograiseacha a bhfuil an dearcadh céanna acu agus atá agat féin
- go ndéanfaidh tú smaointe a mhalartú
- go mbeidh comhráite gairmiúla agat
- go mbuailfidh tú le múinteoirí ó bhunscoileanna, iarbhunscoileanna agus ón earnáil bhreisoideachais
- nó tar le haghaidh comhrá tae agus caife amháin
Conas is féidir liom páirt a ghlacadh?
Is féidir le haon mhúinteoir cláraithe freastal ar an imeacht seo. Má ritheann smaoineamh leat nó má tá nuálaíocht agatsa nó ag do scoilse a rachadh chun tairbhe múinteoirí eile, dar leat, ná bíodh drogall ort iarratas a chur isteach chun páirt a ghlacadh in FÉILTE. Fógrófar an ghairm oscailte do rannpháirtithe i mí Feabhra 2023. Coinnigh súil ar do chuid ríomhphost agus ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta, chomh maith le leathanaigh Facebook, LinkedIn, Instagram agus Twitter.
Cé leis ar cheart dom dul i dteagmháil maidir le FÉILTE?
Má tá ceist nó smaoineamh agat gur mhaith leat a chur faoinár mbráid seol ríomhphost chuig communications@teachingcouncil.ie