Tá FÉILTE, Féile Oideachais na Comhairle Múinteoireachta i mBarrfheabhas an Teagaisc agus na Foghlama, tar éis fás le bheith mar cheann de na tionóil múinteoirí is mó in Éirinn, síos tríd an oideachas bunscoile, iar-bhunscoile agus tríd an mbreisoideachas. Ag FÉILTE, roinneann múinteoirí modheolaíochtaí teagaisc, acmhainní, smaointe agus nuálaíochtaí sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú. Agus inspioráid faighte ó Phobalscoil Chionn tSáile, a reáchtáil a ‘FÉILTE Beag’ féin, inar threoraigh baill foirne sraith ceardlann maidir leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim dá gcuid comhghleacaithe, lainseáil an Chomhairle Mhúinteoireachta FÉILTE Scoile.
Cad is FÉILTE Scoile ann?
Is féidir aon ócáid faoi threoir múinteoirí a bheith i gceist le FÉILTE Scoile ina dtagann múinteoirí le chéile chun smaointe foghlama agus nuálacha a chomhroinnt. Éascaíonn FÉILTE Scoile comhráite agus cuirtear deis ar fáil do mhúinteoirí le modheolaíochtaí teagaisc, acmhainní, smaointe agus nuálaíochtaí a roinnt le chéile i ngrúpaí.
Is féidir le gach scoil cinneadh a dhéanamh faoin bhformáid dá gcuid FÉILTE Scoile. Is féidir le scoileanna ar mhian leo a n-ócáid FÉILTE Scoile féin “FÉILTE Scoile” a úsáid mar theideal na hócáide, agus an lógó oifigiúil (ar taispeáint thíos) a úsáid, má chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:
- Go bhfuil an ócáid faoi threoir múinteoirí
- Go roinneann múinteoirí smaointe foghlama agus nuálacha le chéile i ngrúpaí
Go hidéalach, ba chóir cuireadh a thabhairt do thuismitheoirí agus do scoláirí chun foghlaim múinteoirí a cheiliúradh mar chuid den ócáid.
Má tá spéis ag do scoil FÉILTE Scoile a reáchtáil, ba bhreá linn cloisteáil uait. Is féidir le scoileanna ríomhphost a chur chuig communications@teachingcouncil.ie ina mbeidh sonraí faoin ócáid agus ina ndeimhneofar go gcomhlíonfar na coinníollacha thuasluaite agus ansin eiseofar an lógó chuig an scoil.
I ndiaidh na hócáide, tabharfar cuireadh don scoil sampla d’íomhánna ón ócáid a chur isteach chuig an gComhairle, agus is féidir leis an scoil físeán gearr a chur isteach más mian léi (3 nóiméad ar a mhéad) lena roinnt le scoileanna eile trí Twitter, suíomh gréasáin na Comhairle agus trí chumarsáid eile.