8.1 Iarratais an Ábhair Sonraí:
8.1.2 Baineann iarratais rochtana faoi Airteagal 15 den GDPR le sonraí pearsanta atá i seilbh na Comhairle i bhfoirm ríomhairithe agus i bhfoirm láimhe araon (sa chás go ndéantar iarratas ar bhealach leictreonach, cuirfear an freagra ar fáil san fhoirm leictreonach is coitianta). Sa chás go mbíonn doiciméad dúbailte ann, áfach, m.sh. nuair a dhéantar an comhfhreagras a scanadh isteach i gcóras bainistíochta cáis na Comhairle, níl gá dhá chóip a chur ar fáil den doiciméad céanna mar fhreagra ar iarratas. Go hiondúil, cuirfear cóip nó prionta de na sonraí pearsanta ar fáil. Sa chás go gcomhaontaíonn an duine leis, áfach, is féidir an fhaisnéis a sholáthair i bhfoirm leictreonach, m.sh. trí ríomhphost nó ar mhéaróg chuimhne.
8.1.3 Déanfaidh an Chomhairle iarratais rochtana an ábhair sonraí a phróiseáil a fhreastalaíonn ar fhoirmiúlachtaí áirithe:
- ní mór iad a bheith i scríbhinn;
- tá an Chomhairle i dteideal fiosrúcháin réasúnacha a dhéanamh chun í féin a shásamh maidir le céannacht an duine atá ag déanamh an iarratais lena chinntiú nach bhfuilimid ag nochtadh sonraí pearsanta le páirtí nach bhfuil ina dteideal faoin GDPR;
- tá mór don iarratasóir leibhéal réasúnach faisnéise cuí a sholáthar chun cuidiú leis an fhaisnéis atá á iarraidh a aimsiú (sa chás go mbaineann sé le híomhá taifeadta, ba chóir dóibh grianghraif ar mhéid pas a sholáthar); ní gá, áfach aon chúis a thabhairt leis an iarratas; agus
- beidh an Chomhairle ag déileáil le rochtain iarratais an ábhair sonraí saor in aisce, ach amháin sa chás go mbíonn iarratais gan bhunús nó iomarcach, agus sa chás sin, beidh táille réasúnach á gearradh ag an gComhairle le costais riaracháin a thógáil san áireamh, nó diúltóidh an Chomhairle an t-iarratas.
8.1.4 Comhlíonfar iarratais bailí agus rochtana an ábhair sonraí atá íoctha suas chun dáta (sa chás go mbíonn sé riachtanach) laistigh d’aon mhí amháin den iarratas a bheith faighte, cé go bhféadfaí síneadh de dhá mhí eile a chur leis an tréimhse seo, sa chás é a bheith riachtanach, ag tógáil castacht agus líon na n-iarratas (Airteagal 12 GDPR) san áireamh.
8.1.5 Ba chóir iarratais go léir an ábhair sonraí a threorú chuig Oifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle, a dhéanfaidh measúnú orthu i bhfianaise forálacha an GDPR. Ní bheidh na cineálacha faisnéise seo a leanas á nochtadh ag an gComhairle de ghnáth mar fhreagra ar iarratas rochtana an ábhair sonraí:
- sonraí nach sonraí pearsanta iad;
- sonraí pearsanta a thógann faisnéis faoi dhaoine eile san áireamh, mura bhfuil toiliú againn ón duine eile sin (de réir mar is gá). Mura bhfuil ar a gcumas toiliú a fháil, d’fhéadfadh sé go mbeadh orainn an fhaisnéis sin a choinneáil siar nó eagarthóireacht a dhéanamh ar na sonraí le céannacht an duine sin a bhaint amach, más féidir.
- tuairimí a tugadh faoi rún;
- iarratais atá neamhiata;
- núiseanna/ iarratais arís agus arís eile; agus
- doiciméid atá faoi phribhléid.
8.1.6 Sa chás go ndiúltaíonn an Chomhairle iarratas rochtana ón ábhar sonraí, beidh an diúltú sin i scríbhinn agus leagfar amach na cúiseanna leis an diúltú.
8.1.7 Forálann Airteagal 23 den GDPR go bhféadfadh sé nach mbeadh sé de cheart ag daoine aonair faisnéis a bhaineann leo a fheiceáil sa chás srianta comhréireacha a bheith glactha ar na cúiseanna seo a leanas (cé nach mbaineann formhór na n-imthosca seo leis an gComhairle de ghnáth, tá siad leagtha amach thíos ar mhaithe le hiomláine):
- an tslándáil náisiúnta;
- an chosaint;
- an tslándáil poiblí;
- cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin;
- cuspóirí tábhachtacha eile a bhaineann le leas ginearálta phobal an Aontais nó Ballstáit, go háirithe leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, lena n-áirítear ábhair airgeadaíochta, bhuiséadacha agus chánachais, sláinte phoiblí agus slándáil shóisialta;
- neamhspleáchas na mbreithiúna agus imeachtaí breithiúnacha a chosaint;
- chun a áirithiú go ndéantar sáruithe eitice a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh i gcás gairmeacha rialáilte;
- feidhm faireacháin, imscrúdúcháin nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) agus i bpointe (g);
- an t-ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint; agus
- éileamh faoin dlí sibhialta a fhorfheidhmiú.
8.1.8 D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le roinnt doiciméid a “cur in eagar” le sonraí nach gá a nochtadh a bhaint amach.
8.2 Ceart chun Ceartú
8.2.1 Má iarrann duine a bhfuil iarratas rochtana ábhar sonraí déanta aige/aici aon sonraí pearsanta dá chuid/dá chuid a cheartú, déanfar é sin laistigh de 40 lá den iarratas a bheith déanta, ar an gcoinníoll go bhfuil fianaise réasúnach ann a thacaíonn leis an ngá le ceartú nó le scrios a dhéanamh. Ní mór duit a chur in iúl dúinn cén fhaisnéis atá mícheart agus cad ba chóir a chur ina háit. Cuirfimid faighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh (más ann dóibh) ar an eolas, mura mbíonn sé sin dodhéanta nó go bhfuil iarracht díréireach i gceist.
8.2.2 Is ortsa atá an fhreagracht na sonraí pearsanta go léir atá curtha ar fáil agat dúinn a bheith cruinn agus iomlán. Má thagann athrú ar aon fhaisnéis a thugann tú dúinn, cuir é sin in iúl dúinn chomh luath agus is féidir le do thoil. Ceanglaíonn Alt 36(3) d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta ar mhúinteoirí cláraithe an Chomhairle a chur ar an eolas i scríbhinn maidir le: (a) aon earráidí sa chlár a bhfuil sé/sí ar an eolas fúthu maidir lena clárú/lena chlárú; agus, (b) aon athrú ar an fhaisnéis atá curtha isteach sa chlár maidir leis/léi. Tabharfaidh an Chomhairle an Clár cothrom le dáta ar fhógra bailí Alt 36 a bheith faighte.
8.3 An ceart chun próiseáil sonraí pearsanta a shrianadh nó a chosc
8.3.1 D’fhéadfá, de réir na Reachtaíochta Cosanta Sonraí, iarraidh orainn stop a chur le próiseáil do chuid sonraí pearsanta go sealadach má tá tú den tuairim:
- nach bhfuil do chuid sonraí pearsanta cruinn (ach cuirfimid tús le próiseáil arís ar an bpointe ach na sonraí pearsanta a bheith seiceáilte againn agus é a bheith deimhnithe againn go bhfuil siad cruinn);
- go bhfuil an phróiseáil neamhdhleathach ach ní theastaíonn uait go ndéanaimid do chuid sonraí a scrios;
- ní theastaíonn na sonraí pearsanta uainn níos mó ó thaobh próiseála, ach teastaíonn na sonraí uait le héilimh dlí a chruthú, a fheidhmiú nó a chosaint; nó
- chuir tú i gcoinne na próiseála mar go gcreideann tú gur chóir go sáródh do chuid leasa an bunús ar a ndéanaimid do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil.
8.3.2 Má fheidhmíonn tú do chuid cearta srian a chur orainn do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil, leanfaimid orainn leis an bpróiseáil, má:
- thugann tú do thoiliú do phróiseáil den sórt sin;
- tá bunús dlí ann do phróiseáil den sórt sin;
- tá an phróiseáil riachtanach le héilimh dlí a fheidhmiú nó a chosaint;
- tá an phróiseáil riachtanach le cearta daoine aonair nó duine dlítheanach a chosaint
- tá an phróiseáil riachtanach ar chúiseanna leas an phobail.
8.4 A Ceart chun Scriosadh a Dhéanamh:
8.4.1 Is féidir leat, de réir na Reachtaíochta Cosanta Sonraí, iarraidh orainn do chuid sonraí pearsanta a scrios sa chás:
- nach gcreideann tú go dteastaíonn do chuid sonraí pearsanta uainn ar mhaithe lena phróiseáil chun na críocha a leagtar amach sa Pholasaí seo;
- má thug tú toiliú dúinn le do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil, agus gur tharraing tú siar an toiliú sin agus ní féidir linn, thairis sin, do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil de réir dlí;
- go gcuireann tú i gcoinne na próiseála agus nach bhfuil aon bhunús dlí againn le leanúint ar aghaidh ag próiseáil do chuid sonraí;
- go bhfuil do chuid sonraí próiseáilte go neamhdhleathach nó nár scriosadh na sonraí nuair ba chóir iad a scrios; nó
- go bhfuil na sonraí pearsanta scriosta leis an dlí a chomhlíonadh.
8.4.2 D’fheadfaimis leanúint ar aghaidh ag próiseáil do chuid sonraí in imthosca áirithe de réir na Reachtaíochta Cosanta Sonraí.
8.4.3 Sa chás gur iarr tú orainn do chuid sonraí pearsanta a scrios, cuirfimid na faighteoirí ar an eolas maidir le cé leis ar nochtadh na sonraí pearsanta, mura mbíonn sé sin dodhéanta nó go bhfuil iarracht díréireach i gceist. Cuirfimid ar an eolas tú freisin maidir leis na faighteoirí sin, sá chás go n-éilíonn tú sin.
8.4.4 Tabharfar faoi d’iarratas do chuid sonraí a scrios laistigh de 40 lá.
8.5 Cearta maidir le cinnteoireacht uathoibríoch:
8.5.1 Má táimid ag déanamh meastóireachta ort, is féidir leat a iarraidh orainn gan an cinneadh a bhunú ar phróiseas uathoibríoch amháin agus go ndéanaimid cinnte go ndéanann comhalta foirne athbhreithniú ar aon chinneadh.
8.5.2 Níl feidhm leis na cearta seo sna himthosca go léir, mar shampla, sa chás go bhfuil an cinneadh (i) údaraithe nó ina cheangal dlí, (ii) riachtanach d’fheidhmiú an chonartha idir tú féin agus an Chomhairle, nó (iii) bunaithe go soiléir ar do thoiliú. I ngach cás, déanfaimid iarracht céimeanna a thógáil le do chuid leasa a chosaint.
8.6 An ceart chun iniomparthacht sonraí:
Is féidir leat, de réir na Reachtaíochta Cosanta Sonraí, cóip leictreonach do chuid sonraí pearsanta a chuir tú ar fáil dúinn agus atá á gcoinneáil againn go leictreonach a iarraidh, nó a iarraidh orainn cóip a chur ar fáil go díreach do pháirtí eile. Níl feidhm leis an gceart seo ach amháin i leith sonraí pearsanta a chuir tú ar fáil dúinn – ní chlúdaíonn sé na sonraí atá cruthaithe againn. Níl feidhm leis an gceart chun iniomparthacht sonraí ach oiread, ach amháin:
- tá an phróiseáil bunaithe ar do thoiliú nó ar fheidhmiú an chonartha; agus
- tá an phróiseáil á dhéanamh trí bhealaí uathoibríocha.
8.7 An Ceart chun gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéirum Chosaint Sonraí (DPC):
Mura gceapann tú go bhfuil próiseáil déanta againn ar do chuid sonraí pearsanta de réir an Pholasaí seo, déan teagmháil linn ar an gcéad dul síos (féach Alt 15). Mura mbíonn tú sásta, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an DPC nó aon cheann do do chuid cearta a fheidhmiú de bhun na Reachtaíochta Cosanta Sonraí. Tá eolas le fáil maidir le conas é sin a dhéanamh ar láithreán gréasáin an DPC ag https://www.dataprotection.ie.