Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (RFC)

Tugtar le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 (S.I. 133 de 2007) cearta dlíthiúla dóibh siúd a lorgaíonn rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol ó údaráis phoiblí.

Tháinig na Rialacháin seo i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2007, lena n-aisghairtear an ionstraim reachtach roimhe seo, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 1998. Leasaíodh iad le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2011 (S.I. 662 de 2011) agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2014 (S.I. 615 de 2014) agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2018 (S.I. 309 de 2018). Tá na píosaí reachtaíochta seo le léamh le chéile agus tá siad le forléiriú mar aon ní amháin. Féadfar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go 2018 a thabhairt orthu.

Faoi réir eisceachtaí áirithe, ní mór faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá i seilbh, nó thar ceann, údaráis phoiblí a chur ar fáil d’aon duine ar iarratas. Soláthraítear leis na Rialacháin sainmhíniú ar fhaisnéis faoin gcomhshaol agus leagtar amach leo an bealach inar féidir iarratais ar fhaisnéis a chur faoi bhráid údaráis phoiblí. Foráiltear leis na Rialacháin freisin do nós imeachta achomhairc foirmiúil i gcás go bhfuil duine míshásta le cinneadh ar a (h)iarratas.

Conas a dhéanaim Iarratas RFC?

Más mian leat iarratas a chur isteach faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go 2014 (Rialacháin RFC 2007-2014) a bhaineann leis an gComhairle Mhúinteoireachta, comhlánaigh an Fhoirm Iarratais RFC agus cuir isteach chuig an gComhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, í nó seol ríomhphost le do thoil chuig foi@teachingcouncil.ie

Bunriachtanais Iarratais Bhailí

Agus iarratas á dhéanamh agat ar fhaisnéis faoi Rialacháin RFC 2007-2018, ceanglaítear ort:

  • a rá go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na Rialacháin RFC 2007-2018;
  • do shonraí teagmhála a sholáthar, lena n-áirítear uimhir theileafóin lae;
  • an fhaisnéis chomhshaoil a theastaíonn a lua i dtéarmaí atá chomh sonrach agus is féidir, agus sonraigh an fhoirm agus an modh rochtana atá ag teastáil;
  • de réir na Rialachán, féadfaidh Údarás Poiblí cinneadh a dhéanamh táille réasúnta a ghearradh as faisnéis faoin gcomhshaol a sholáthar (féach táillí thíos);
  • go hiondúil cuirfear an cinneadh ar d’iarratas in iúl duit laistigh de mhí amháin tar éis é a fháil.

Cad is féidir liom a dhéanamh mura bhfuilim sásta le Cinneadh ar m'Iarratas?

Má mheasann tú gur diúltaíodh go hiomlán nó go páirteach do d’iarratas bunaidh ar fhaisnéis faoin gcomhshaol, nó nár déileáladh i gceart leis ar bhealach eile de réir fhoráil Rialacháin RFC 2007-2018, féadfaidh tú, tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis don údarás poiblí lena mbaineann cinneadh a fháil, iarraidh ar an údarás poiblí Athbhreithniú Inmheánach a dhéanamh ar an gcinneadh go páirteach nó go hiomlán.

Táillí

Ní éilítear le hiarratas go n-íocfar táille roimh ré, áfach, féadfaidh údarás poiblí táille réasúnach a ghearradh ar iarratais áirithe a fhaightear, mar a fhoráiltear in S.I. 133 de 2007 agus S.I. Uimh. 662 de 2011.

Sonraí Teagmhála

An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co Chill Dara

Ríomhphost: foi@teachingcouncil.ie