Mura bhfuil tú sásta le freagra na Comhairle Múinteoireachta is féidir leat iarraidh ar bhall foirne níos sinsearaí laistigh den Chomhairle cinneadh a athscrúdú. Ba chóir iarratais ar athbhreithniú ar chinneadh, mar aon le táille €30.00 nó táille laghdaithe de €10.00 do shealbhóirí cárta leighis a sheoladh chuig an Rannóg SF, An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara nó seol ríomhphost pfox@teachingcouncil.ie.
Nóta: Ní bhaineann na táillí seo ach le hiarratais neamhphearsanta.
Má tá tú fós míshásta leis an gcinneadh, tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh chuig an gCoimisinéir Faisnéise. Ba chóir iarratais le táillí cuí (€50.00 nó táille laghdaithe €15.00 do shealbhóirí cárta leighis) a sheoladh díreach chuig an seoladh seo a leanas:
Ríomhphost: info@oic.gov.ie
Post: Oifig an Choimisinéara Faisnéise, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2
Fón: (01) 639 5689