Scéim Foilsiúcháin

Éascaíonn an Scéim Foilsiúcháin seo soláthar faisnéise lasmuigh de Shaoráil Faisnéise (ar choinníoll nach bhfuil cosc ar an bhfoilsiú nó ar rochtain den sórt sin de réir an dlí). Comhlíonann an scéim Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus tá aird aici ar phrionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na cuntasachta.

Tá an scéim foilsitheoireachta ar fáil thíos faoi shé phríomh-cheannteideal mar a fhoráiltear san Acht. Tá cóip chrua ar fáil freisin le féachaint air ach coinne a dhéanamh.