Grúpa Folláine do Gach Duine

Tá an Grúpa Folláine do Gach Duine (FGD) déanta suas d’ionadaithe ó phobal na scoile, an Chomhairle Mhúinteoireachta, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí Bunscoile, Líonra Príomhoidí Bunscoile na hÉireann, Cumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas-Phríomhoidí agus Oifig an Ombudsman do Leanaí san áireamh.

In 2015, cuireadh an Grúpa Folláine do Gach Duine le chéile leis an gcomhaidhm le feabhas a chur ar an gcomhoibriú idir an grúpa, na bailleagraíochtaí agus na páirtithe leasmhara chun tacú le cur chuige feabhsaithe agus inbhuanaithe i dtreo na folláine do na foghlaimeoirí uile inár gcóras oideachais; múinteoirí, scoláirí, tuismitheoirí/caomhnóirí agus pobal uile na scoile.

In 2021, d’athraigh ainm an ghrúpa ó Fholláine do Mhúinteoirí agus d’Fhoghlaimeoirí go dtí Folláine do Gach Duine. Tagann an grúpa le chéile go rialta i rith na scoilbhliana agus go dtí seo bhí trí chomhdháil ar siúl.

Comhdhálacha

Mí na Samhna 2017

Ag an gcéad chomhdháil FGD i mí na Samhna 2017, rinneadh cur i láthair ar conas a rabhthas ag tabhairt faoin bhfolláine i scoileanna ar fud na tíre. Ag plé painéil idir múinteoirí, foghlaimeoirí, agus ionadaithe tuismitheora a ndearna an tOmbudsman do Leanaí cathaoirleacht air, breathnaíodh ar conas a chuireann scoileanna an fholláine i gcroílár a n-éitis. Is féidir breathnú ar thaifeadadh den chomhdháil anseo.

Mí Feabhra 2019

Rinneadh an dara comhdháil FGD a shruthú beo anseo agus ar Facebook Dé Sathairn, an 9ú Feabhra ó 11am go 3.30pm.

Rinneadh í a thaifeadadh in dhá chuid:

Cuid 1

  • Oscailt le Angela Lynch den IPPN
  • Cur i láthair ó Mheánscoil Uí Chonaill
  • Cur i láthair ó Scoil Náisiúnta Mhuire na Dea-Chomhairle, Baile Eoin
  • Comhchur i láthair ó NEPS agus ón bPríomhchigire
  • Cur i láthair ó Choláiste an Chnoic Bhig
  • Cur i láthair ó Scoil Náisiúnta Sinsearach Mhuire Mháthair an Dóchais

Cuid 2

  • Plé painéil discussion
  • Plé grúpa
  • Seisiún Iomlánach
  • Clabhsúr

Bhí na cuir i láthair seo a leanas ar siúl ar an 9ú Feabhra 2019:

Mí na Samhna 2021

I mí na Samhna 2021, d’eagraigh an grúpa Folláine do Gach Duine Comhphlé a bhí ar siúl ar líne. Ag an gcomhphlé, rinneadh iniúchadh ar an topaic maidir leis an bhfolláine i gcomhthéacs phobal na scoile uile.

Clár Oibre:

  • Fáilte ó Thomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta
  • Cuir i láthair ó:

· Michael O’Riordan- Ionadaí Pobail

· India Kennedy- Scoláire

· Tara Sherlock- Tuismitheoir

· Ann-Marie Ireland- Múinteoir

  • Plé Grúpa
  • Seisiún Iomlánach
  • Ráiteas Clabhsúir

Bhí an Comhphlé ar siúl trí Zoom. Ar an lá bhí guth ó mhúinteoir, tuismitheoir, duine óg agus ball den phobal. Tar éis na gcur i láthair bhí plé i ngrúpaí ar siúl i seomraí neamhspleácha inar cuireadh na ceisteanna seo a leanas:

  • Cad iad na gnéithe/téamaí comónta atá inar chuala tú inniu?
  • Cad é an tuiscint atá agat maidir le folláine ar bhonn phobal na scoile uile?
  • Cad iad na bearnaí atá ann chun tabhairt faoi fholláine phobal na scoile uile?