Bunaíodh an Chomhairle Mhúinteoireachta ar bhonn reachtúil i mí an Mhárta 2006. Is í an comhlacht chaighdeáin ghairmiúla í do ghairm na múinteoireachta, a dhéanann na caighdeáin ghairmiúla a chur chun cinn agus a rialáil. Gníomhaíonn sí ar mhaithe le leas an phobail agus ag an am céanna tacaíonn agus cuireann sí leis na caighdeáin i ngairm na múinteoireachta.
Tá an Chomhairle déanta suas de 37 comhalta.
Tá an Stiúrthóir freagrach as oibríochtaí laethúla na Comhairle. Oibríonn an Stiúrthóir go dlúth le comhaltaí na Comhairle agus tá an fhreagracht fhoriomlán air/uirthi as spriocanna straitéiseacha na Comhairle a chur i bhfeidhm. Tugann Foireann Ardbhainistíochta agus foireann na Comhairle tacaíocht don Stiúrthóir.
Ráiteas Aidhme
Tá ráiteas aidhme na Comhairle leagtha amach i bPlean Straitéiseach na Comhairle Múinteoireachta 2022 go 2027.
“Déanann an Chomhairle Mhúinteoireachta na caighdeáin is airde i ngairmiúlacht múinteoirí agus in oideachas múinteoirí a chur chun cinn agus tacaíonn sí leo le beartais, rialáil agus taighde éifeachtach. Déanaimid iarracht tírdhreach fabhrach a chothú le haghaidh teagasc agus foghlaim inbhuanaithe agus shofhreagrach inár bpobail. Déanaimid é seo trí chomhoibriú leis an Roinn Oideachais agus leis na páirtithe leasmhara go léir ar éagsúlacht mhéadaitheach bealaí nuálacha. Cinnteoidh an obair seo teagasc agus foghlaim ar ardchaighdeán do chách, trí chruthaitheacht fheabhsaithe, cuimsiú, éagsúlacht, ceannaireacht agus folláine. Forbróidh sé seo muinín agus iontaoibh an phobail i ngairm na múinteoireachta in Éirinn, agus san oideachas níos leithne.”
Feidhmeanna Reachtúla
Tá feidhmeanna reachtúla na Comhairle leagtha amach sna hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 go 2015 agus clúdaítear an méid seo a leanas ann:
- gairm na múinteoireachta a chur chun cinn agus a rialáil
- caighdeáin teagaisc, eolais, oilteachta agus inniúlachta a chothabháil agus a fheabhsú
- clár múinteoirí a bhunú agus a chothabháil
- fiosrúcháin a reáchtáil maidir le feidhmiúlacht aon mhúinteora chláraithe chun múineadh agus, i gcás inar cuí sin, smachtbhannaí a fhorchur i ndáil leis an bhfeidhmiúlacht sin
- cód iompair ghairmiúil do mhúinteoirí a bhunú, a fhoilsiú, athbhreithniú a dhéanamh air, agus a chothabháil lena n-áireofar caighdeáin teagaisc, eolais, oilteachta agus inniúlachta, agus
- foghlaim leanúnach múinteoirí a chur chun cinn.
Cliceáil ar na naisc thíos chun tuilleadh a léamh faoi fheidhmeanna reachtúla na Comhairle -
Grinnfhiosrú
Clárúchán
Oideachas Múinteoirí
Caighdeáin Ghairmiúla
Foghlaim agus Taighde Múinteoirí
Gnóthaí Corparáideacha agus Acmhainní Daonna