Ceisteanna Coitianta

Cé na bearta atá á dtabhairt isteach?

Tá raon idirghabhálacha á thabhairt isteach ag an gComhairle Mhúinteoireachta chun tacú leis an múinteoireacht agus le pobail scoileanna agus iad ag ullmhú don athoscailt ó Lúnasa 2020 ar aghaidh (féach anseo). Baineann na bearta sin leis an gcur chuige ginearálta d’athoscailt scoileanna atá á chomhordú ag an Roinn Oideachais i gcomhar le páirtithe leasmhara san oideachas.

Maidir leis na bearta atá á dtabhairt isteach ag an gComhairle Mhúinteoireachta, beifear ag díriú ar sholáthar múinteoirí breise a bheith ar fáil chun róil mhaoirseachta agus ionadaíochta a líonadh, mar thacaíocht d’athoscailt na scoileanna don téarma acadúil 2020/21.

Cén difríocht a dhéanfaidh sé do mhúinteoirí a cháiligh lasmuigh den Stát?

Tá rialacháin déanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta, le toiliú an Aire Oideachais, a cheadóidh do mhúinteoirí a cháiligh mar mhúinteoirí lasmuigh den Stát, ach nach bhfuil na riachtanais ionduchtúcháin curtha i gcrích acu, iarratas clárúcháin a dhéanamh chun na Comhairle Múinteoireachta ar bhonn eisceachtúil aonuaire, agus a n-ionduchtúchán a chur i gcrích i scoil in Éirinn.

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh faoi na rialacháin sin?

Beidh ceanglais cháilitheachta agus ceanglais maidir le cáilíochtaí gceist faoi na rialacháin sin. Beidh iarratais faoi na rialacháin sin teoranta do mhúinteoirí a bhfuil Stádas Múinteora Cháilithe (Qualified Teacher Status/QTS), nó a choibhéis, acu sa tír inar cháiligh siad agus a bhfuil cáilíochtaí acu a mheastar a bheith ar chaighdeán inchomparáide le caighdeáin na gclár oideachais tosaigh múinteoirí (OTM/ITE) in Éirinn.

Maidir le hiarratasóirí atá ag iarraidh clárú mar mhúinteoir bunscoile, caithfidh cáilíocht a bheith acu atá inchomparáide leis na caighdeáin in Éirinn, seachas an Riachtanas Gaeilge ((ILR), a chuirfear mar choinníoll lena gclárú). Maidir le hiarratasóirí atá ag iarraidh clárú mar mhúinteoir iar-bhunscoile, caithfidh cáilíocht oideachais múinteora a bheith acu arb ionann é agus caighdeán chéimithe na hÉireann, taobh amuigh de Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann (a chuirfear mar choinníoll lena gclárú), agus caithfidh siad na riachtanais a shásamh maidir le hábhar curaclaim amháin ar a laghad.

Caithfidh clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta a bheith ag iarratasóirí faoi na rialacháin seo, i gcomhréir leis na caighdeáin riachtanacha ar fad, sula mbeidh siad i dteideal a bheith ag múineadh agus tuarastal Státchistithe a fháil. Díol spéise é an beart eisceachtúil seo do shaoránaigh Éireannacha a rinne staidéar agus a cháiligh thar lear, ach go háirithe, agus ar mhaith leo b’fhéidir filleadh ar Éirinn.

Cén uair ar féidir le múinteoirí iarratas a dhéanamh, faoi na rialacháin sin?

Glacfar le hiarratais faoin rialachán seo ón 10 Lúnasa 2020, agus féadfar iarratas a dhéanamh go dtí an 30 Deireadh Fómhair 2020, an dáta sin san áireamh.

Céard faoi Mhúinteoirí atá ar Chlár na Múinteoirí agus nach bhfuil ag múineadh?

Tá 106,000 múinteoir cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Meastar go bhfuil suas le 6,000 de na múinteoirí sin nach bhfuil lánfhostaithe i scoileanna (e.g. atá ag obair go páirtaimseartha, ar shos gairme, a chuaigh ar scor le deireanas etc.) agus b’fhéidir go mbeidís ar fáil i gcomhair ionadaíochta agus maoirseachta. Déanfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta teagmháil dhíreach leis an ngrúpa sin i dtaobh féidearthachtaí, á mholadh dóibh a bheith rannpháirteach agus tacú le hathoscailt na scoileanna.

Agus más múinteoir faoi oiliúint mé?

Chuaigh an Chomhairle Mhúinteoireachta i gcomhairle leis na hInstitiúidí Ard-Oideachais (IAO) freisin féachaint le córas a aimsiú faoina bhféadfadh mic léinn sa dara bliain den mháistreacht ghairmiúil le hoideachas iar-bhunscoile (MGO/PME) atá cláraithe cheana féin, ach faoi bhealach éagsúil, a bheith ar fáil do na scoileanna mar acmhainn bhreise le haghaidh dualgas maoirseachta agus ionadaíochta, ar tuarastal. Cumasóidh na IAOnna an méid sin i slite nuálacha, trí athrú a dhéanamh ar na tráthanna a thugtar cúrsaí agus ranganna teagaisc do mhúinteoirí faoi oiliúint, mar shampla, agus cúrsaí a thabhairt ar líne.

Tá na hollscoileanna agus na coláistí a chuireann Máistreacht Ghairmiúil le hOideachas (MGO) ar fáil sa chlár oideachais tosaigh múinteoirí tar éis an tslí a dtugtar na cúrsaí sin a dhéanamh níos solúbtha, ionas go mbeidh am breise ag múinteoirí cláraithe ar socrúchán scoile i gcomhair maoirseachta agus ionadaíochta, de bhreis ar a n-uaireanta socrúcháin.

Agus má bhainim céim amach Samhradh 2020 mar mhúinteoir bunscoile/iar-bhunscoile?

Cláraíonn an Chomhairle múinteoirí a fhaigheann céim sa samhradh, gach bliain, le mearchóras clárúcháin tosaíochta, tar éis do na boird scrúduithe sna IAOnna torthaí na bliana deiridh a aistriú go dtí an Chomhairle, má tugadh an cead sin.

Mar gheall ar an moill ar na boird scrúduithe i mbliana agus mar gur tuigeadh go bhféadfadh fadhbanna eile a bheith ann le sriantachtaí Covid-19, tá córas ar líne forbartha ag an gComhairle agus á chur i bhfeidhm. A luaithe a aistreofar na torthaí, eiseoidh an Chomhairle ríomhphost chuig na múinteoirí ábhartha ina mbeidh na treoracha iomchuí. Beifear ag iarraidh ar MNCanna na treoracha sin a leanúint. Is fiú a nótáil gur féidir an grinnfhiosrú a bheith déanta sula bhfaighfear na torthaí, agus moltar do gach múinteoir atá le céim a fháil an próiseas sin a chur i gcrích gan mhoill. Chun dlús a chur leis na hiarratais ghrinnfhiosrúcháin, féadfaidh múinteoirí atá le céim a fháil na cáipéisí a theastaíonn don ghrinnfhiosrú a sheoladh sa ríomhphost, cóip scanáilte den fhoirm toilithe agus í sínithe san áireamh.

Cén chaoi a gcláróidh mé?

Múinteoirí a cháiligh in Éirinn

Féadfaidh iarratasóirí a cháiligh in Éirinn, nach céimithe nua iad, agus atá ag iarraidh tosú ag múineadh nó filleadh ar an múinteoireacht i ndiaidh tréimhse asláithreachta (sos gairme, mar shampla), féadfaidh siad iarratas clárúcháin a dhéanamh chun na Comhairle Múinteoireachta. Cliceáil ar an nasc thíos, le do thoil, i gcomhair sonraí breise:

https://www.teachingcouncil.ie/ga/Claruchan/Conas-Claru-/Cailithe-in-Eirinn/

Múinteoirí a Cháiligh lasmuigh d’Éirinn (ionduchtúchán curtha i gcrích)

Tá na múinteoirí láncháilithe a cháiligh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann i dteideal iarratas a dhéanamh chun clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Cliceáil ar an nasc thíos le do thoil, i gcomhair sonraí breise:

https://www.teachingcouncil.ie/ga/Claruchan/Conas-Claru-/Cailithe-Lasmuigh-d%C2%B4Eirinn-Ionduchtuchan-Curtha-i-gCrich-/

Múinteoirí a Cháiligh lasmuigh d’Éirinn (Níor cuireadh ionduchtúchán i gcrích)

Maidir leis na múinteoirí a cháiligh lasmuigh d’Éirinn ach nach bhfuil an tréimhse riachtanach ionduchtúcháin curtha i gcrích acu sa tír inar cháiligh siad, tá siad i dteideal iarratas a dhéanamh chun clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta ar bhonn eisceachtúil aonuaire. Cuirfear tús le hiarratais Dé Luain 10 Lúnasa agus féadfar iad a sheoladh go dtí 5pm an 30 Deireadh Fómhair 2020. Cliceáil ar an nasc thíos, le do thoil, i gcomhair sonraí breise:

https://www.teachingcouncil.ie/ga/Claruchan/Conas-Claru-/Cailithe-Lasmuigh-d%C2%B4Eirinn-Nior-cuireadh-ionduchtuchan-i-gcrich-/

Múinteoirí Nua-Cháilithe (MNCanna) in Éirinn

Cliceáil ar an nasc thíos le do thoil, i gcomhair sonraí breise:

https://www.teachingcouncil.ie/ga/Claruchan/Conas-Claru-/Chailiochtai/MNCanna-in-Eirinn/Muinteoiri-Nua-chailithe-MNCanna-in-Eirinn.html

Cén chaoi a bhfaighidh mé Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána?

Téann an Chomhairle Mhúinteoireachta i gcomhairle leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin thar ceann na múinteoirí in Éirinn maidir le nochtaí á léiriú sa taifead coiriúil. Bí cúramach i mbun gach céim a leagtar amach sa nasc thíos le do thoil, ionas go ndéanfar an t-iarratas a phróiseáil gan dua. Ní féidir an clárú a chur i gcrích gan grinnfhiosrú a bheith faighte tríd an gComhairle Mhúinteoireachta. Ní leor grinnfhiosrú tríú páirtí.

https://www.teachingcouncil.ie/ga/Grinnfhiosru-/Treoir-chun-iarratas-a-dheanamh-ar-Ghrinnfhiosruchan/

Iarradh ar mhúinteoirí a bhfuil céim le bronnadh orthu próiseas ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána a thosú leis an gComhairle Mhúinteoireachta agus iarratas ar chlárú a sheoladh láithreach bonn in éineacht leis na cáipéisí ábhartha. Is fiú a nótáil, i gcás na múinteoirí a bhí cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta cheana, go bhféadfar na cáipéisí don ghrinnfhiosrú, mar aon le cóip scanáilte den fhoirm toilithe agus í sínithe, a sheoladh sa ríomhphost.

Cén chaoi a gcuirfidh mé isteach ar phost múinteoireachta?

Déanann an Chomhairle Mhúinteoireachta múinteoirí a chlárú ionas go mbeidh siad in ann cur isteach ar phost múinteoireachta a luaithe a bheidh an clárú agus an grinnfhiosrú curtha i gcrích.

Is iad bainistíocht na scoileanna agus a bhforais phátrúnachta ábhartha a bheidh ag earcú múinteoirí agus á bhfostú mar is gnách, faoi réir na ngnáthphróiseas riachtanach clárúcháin agus grinnfhiosrúcháin, i gcomhréir le rialacháin na Comhairle Múinteoireachta maidir le caighdeáin ghairmiúla..

Aon mhúinteoirí a chláraíonn leis an gComhairle Mhúinteoireachta agus a bheadh ar fáil do phoist ionadaíochta, iarrtar orthu clárú leis an tairseach Sub Seeker (á hóstáil ar www.educationposts.ie) agus a chur in iúl go bhfuil siad ar fáil.

Maidir le haon duine atá ag smaoineamh ar an múinteoireacht mar ghairm nó ar a bheith ag obair mar mhúinteoir in Éirinn, gheofar breis eolais (maidir le hearcú agus cúrsaí tuarastail freisin) ar an suíomh gréasáin Teaching Transforms.

Cuideoidh na naisc/suíomhanna gréasáin seo a leanas leat freisin agus fostaíocht á lorg agat. Níl liosta uileghabhálach é áfach:

Education Postswww.educationposts.ie
Education and Training Boards in Irelandwww.etbi.ie
Public Jobswww.publicjobs.ie