Cláraigh Má Tá Tú ar Fáil le haghaidh Riachtanas Ionadaithe

Faoi mar is eol duit, tá athoscailt scoileanna, agus a gcoinneáil ar oscailt an scoilbhliain seo chugainn, ar na clocha is mó ar phaidrín an Stáit agus na bpobal scoile ar fud na tíre, go háirithe múinteoirí, daltaí, tuismitheoirí agus teaghlaigh.

Ar na réimsí riachtanais is criticiúla tá, a chinntiú go mbeidh múinteoirí cláraithe ar fáil chun riachtanais ionadaíochta a líonadh a dhealraíonn a bheidh ann mar gheall ar COVID-19. Táthar den tuairim go mbeidh breis saoire breoiteachta ann an scoilbhliain seo chugainn. Beidh níos mó múinteoirí ionaid seachas mar is gnách de dhíth ar na scoileanna chun na bearnaí sin a líonadh.

Aon mhúinteoirí atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta agus a bheadh in ann breis ionadaíochta agus maoirseachta a dhéanamh nó folúntais a líonadh, táthar ag iarraidh orthu a chur in iúl go bhfuil siad ar fáil, ar www.educationposts.ie agus go háirithe ar an ardán Sub Seeker maidir le riachtanais ionadaíochta ghearrthéarmacha.

Maidir le múinteoirí a bhainfidh amach a gcéim an samhradh seo, táthar ag iarraidh orthu na treoracha a leanúint a bheidh sa ríomhphost a gheobhaidh siad ón gComhairle Mhúinteoireachta nuair a bheidh aistriú na dtorthaí ó na hinstitiúidí ardoideachais déanta.

Má tá aon cheisteanna agat faoin bpróiseas seo, ar mhiste leat dul i dteagmháil le do thoil, le educationposts.ie.