Tá 37 ball mar chomhdhéanamh ar an gComhairle mar seo a leanas:
- 11 múinteoir bunscoile, naonúr tofa agus beirt mar ainmnithe ag ceardchumann na múinteoirí
- 11 múinteoir iar-bhunscoile, seachtar tofa agus ceathrar mar ainmnithe ag ceardchumainn na múinteoirí
- 2 ainmnithe ag coláistí oideachais
- 2 ainmnithe ag coláistí 3ú leibhéal sonraithe
- 4 ainmnithe ag bainistíocht scoile (beirt don bhunleibhéal agus beirt don iar-bhunleibhéal)
- 2 ainmnithe ag cumainn tuismitheoirí (duine don bhunleibhéal agus duine don iar-bhunleibhéal)
- 5 ainmnithe ag an Aire Oideachais agus Scileanna, ar a n-áirítear duine amháin mar ionadaí IBEC agus duine amháin mar ionadaí ICTU.