Beidh an Chomhairle, nó aon duine eile, ábalta iarratas a chur faoi bhráid an Choiste Imscrúdúcháin maidir le hiniúchadh ar oiriúnacht don chleachtas aon mhúinteora sna cúinsí seo a leanas:
Má theip ar mhúinteoir i gcomhlíonadh, nó má sháraigh sé/sí, an tAcht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, an tAcht Oideachais, 1998, an tAcht Oideachais (Leas), 2000, nó na hAchtanna Gairmoideachais, 1930 go 1999, nó aon rialachán, rialacha nó orduithe atá clúdaithe faoi na hAchtanna seo.
- Má shíltear iompar an mhúinteora a bheith i réimse an mhí-iompair ghairmiúil mar atá leagtha síos san Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001
- Má bhíonn faillí i gclárú an mhúinteora i ngeall ar eolas míchruinn nó calaoiseach a bheith tugtha nó mífháisnéis a bheith léirithe nó
- Muna mbíonn ar a c(h)umas teagasc I ngeall ar chúinsí leighis.
- Ní bheidh baint ag an gCoiste ach an oiread le gnóthaí leathúla a bhaineann le conradh ná le haraíonacht, ná ní bheidh suntas á thabhairt ag an gComhairle do ghearáin ar Féidir déileáil níos fear leo ag an leibhéal áitiúil.
Nuair a shíltear é a bheith cuí a leithéid a dhéanamh, cuirfidh an Coiste an t-iarratas ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta.
Tá an Coiste Imscrúdúcháin comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:
- Ann Mulcahy (Cathaoirleach)
- Ann Loughnane
- Niall Duddy
- Eamonn Shaughnessy
- Peter McCabe
- Seamus Ó Fearraigh
- Mary Curley
- Michael Delargey
- Mai Fanning
- Catherine Moynihan
- Bryan O Reilly