1. Iarratasóirí atá ag cur isteach ar Chlárúchán
Is iarratasóirí atá ag cur isteach ar chlárúchán, amháin, a chaithfidh doiciméid ó thíortha thar lear a chur isteach más rud é gur chaith siad tréimhse charnach 12 mhí nó níos mó thar lear i ndiaidh iad a bheith ocht mbliana déag (18).
Caithfidh gach iarratasóir ar chlárúchán iarratas grinnfhiosrúcháin a dhéanamh, bídís tar éis bheith ina gcónaí in Éirinn/ i dTuaisceart Éireann nó ná bíodh.
I gcás iarratasóirí atá ag cur isteach ar chlárúchán ar iarratasóirí iad a chaith tréimhse charnach 12 mhí nó níos mó thar lear i ndiaidh iad a bheith ocht mbliana déag (18), caithfidh siad fótachóip d’imréiteach póilíní a chur ar fáil maidir le gach tír ar leith ina raibh siad ina gcónaí. Caithfear an tréimhse chónaithe iomlán i ngach tír ar leith a chumhdach sna deimhnithe imréitigh sin.
Cuireadh liosta tíortha agus eagraíochtaí le chéile mar chabhair duit chun imréiteach póilíní a fháil.
2. Múinteoirí Cláraithe
I gcás múinteoirí cláraithe atá ag dul faoi ghrinnfhiosrúchán dá bhfostaíocht nó chun a gclárú a athnuachan (ath-ghrinnfhiosrúchán), ní gá dóibh imréiteach póilíneachta thar lear a chur ar fáil.
3. Cúinsí Eisceachtúla
Forchoimeádann an Chomhairle an ceart aici féin dearbhú faoi mhionn a lorg sa chás nach bhfuil nochtadh sásúil um thaifid póilíní/choiriúla ar fáil. Nótáil, le do thoil, nach n-eisíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta an Fhoirm Dhearbhaithe seo ach amháin sna cúinsí eisceachtúla seo:-
- is eol don Chomhairle Mhúinteoireachta nach bhfuil imréiteach póilíní infhaighte ach ag cónaitheoirí na tíre atá i gceist
- chónaigh an t-iarratasóir sa tír ar feadh tréimhse níos lú ná sé mhí
- bhí an t-iarratasóir ag taisteal tríd an tír agus ní raibh aon seoladh seasta aige/aici
- chónaigh an t-iarratasóir sa tír breis agus 10 mbliana ó shin
- tá an tír ag cogadh nó ag dul faoi shuaitheadh suntasach polaitiúil nó
- tá comhfhreagras curtha ar fáil ag an iarratasóir a léiríonn nach féidir imréiteach póilíní a fháil.